Blitz Peile na nGaelscoileanna

Bhí Blitz Peile na nGaelscoileanna ar siúl i nGaelcholáiste Phort Láirge ag tús na míosa seo. Ghlac Rang 5 agus Rang 6 ó Ghaelscoil Phort Láirge, Gaelscoil Philib Barún, Gaelscoil na nDéise agus Gaelscoil Charraig na Siúire páirt ann. Imríodh cluichí ar an bpáirc uileaimseartha sa scoil agus ar pháirc imeartha an CLG i mBaile Mhic Gunnair. An-lá go deo a bhí ag na himreoirí go léir a d’imir ar an lá. Ba mhór an cúnamh iad lucht na hidirbhliana a rinne réiteoireacht ar na cluichí. Comhghairdeas le Foireann A ó Ghaelscoil Charraig na Siúire a bhuaigh an Blitz.