Ciseáin Nollag do Chumann Naomh Uinseann de Pól

Ba mhian le Comhairle na nDaltaí a mbuíochas a chur in iúl do phobal uile na scoile a dheonaigh bia ar an scoil le cur sna ciseáin Nollag le tabhairt do Chumann Naomh Uinseann de Pól i gcathair Phort Láirge an Nollaig seo. D’éirigh leis an scoil trí chiseán déag a bhailiú arís i mbliana. Nollaig shona do phobal uile an Ghaelcholáiste ó Chomhairle na nDaltaí.

Martha Flood SVP agus Comhairle na nDaltaí GCPL, Nollaig 2017