Coláiste Uisce

Turas iontach a bhí ann ag scoláirí Bliain 2 go Coláiste Uisce i gcroílár na Gaeltachta i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo, an tseachtain seo caite. Chaith na scoláirí trí lá ag surfáil, ag cadhcáil, ag tógáil rafta, ag rásaíocht, ag boghdóireacht agus ag dreapadóireacht. Eagraíodh na himeachtaí go léir trí Ghaeilge agus bhain gach scoláire an-taitneamh go deo astu. Cuireadh béim ar an obair ghrúpa agus d’oibrigh na scoláirí go dian lena chéile chun gach dúshlán a shárú. Chuir an dea-aimsir go mór le himeachtaí ar an turas. Níl amhras ar bith ann ach gur cuireadh go mór le folláine na scoláirí ar an turas eachtraíochta seo.