Seachtaine na gaeilge /Ceardlann Scríbhneoireachta le Ré Ó Laighléis

Bhí deis ag daltaí na scoile páirt a ghlacadh i gceardlann scríbhneoireachta  le Ré Ó Laighléis le déanaí. Rugadh agus tógadh Ré Ó Laighléis i Sail an Chnocáin i gContae Átha Cliath. Bhain sé bunchéim sa Ghaeilge agus Socheolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe (OÉG) agus iarchéimeanna san Oideachas i gColáiste Phádraig (DCU) agus i mBoston College, Massachusetts. Tá sé cáilithe mar Shaineolaí Comhairleach in Oideachas na Léitheoireachta agus cláraithe dá réir leis an Massachusetts State Board of Education. Chaith sé na blianta ag múineadh ar na trí leibhéil oideachais. Gníomhaíonn sé i gcónaí mar Thraenálaí sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach faoi choimirce MhÓINÍN (An Scríobhlann) agus údaráis éagsúla oideachais agus chultúrtha. Tá tréimhsí caite aige mar Scríbhneoir Cónaitheach le Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne agus eile. Thréig sé an mhúinteoireacht lánaimseartha i 1992 chun tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach go proifisiúnta.