Bhí Tráth na gCeist Bóird á reachtáil ag Scoláirí na hIdirbhliana i gcaitheamh na seachtaine le Bl 1 agus Bl 2. D’éirigh go hiontach leis agus tá an-mholadh tuillte acu.
Featured post
Bricfeasta Ghaelach
Tráth na gCeist Bóird
Bhí scoláirí ó rang 4 inár measc inniu agus iad i mbun Tráth na gCeist Bóird a bhí eagraithe ag scoláirí na hIdirbhliana mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge. Ár mbuíochas le Gaelscoil Phort Láirge, Gaelscoil na nDéise, Gaelscoil Philib Barún agus Bunscoil Baile an Bhuitléirigh as ucht páirt a ghlacadh sa chomórtas. Rith an lá le Bunscoil Baile an Bhuitléirigh a tháinig sa chéad agus sa dara háit agus tháinig Gaelscoil Phort Láirge sa tríú háit. Comhghairdeachas ó chroí libh ar fad!