Proifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí 2019

Comhghairdeas le scoláirí Gaelcholáiste Phort Láirge a bhain amach Teastas Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí. Tugann an teastas seo aitheantas do na torthaí a bhain na scolairí amach i scrúdú an Teastais Shóisearaigh 2019, aiseolas maidir leis an measúnú rangbhunaithe agus cur síos ar réimsí agus eispéireas foghlama éagsúla an scoláire féin le linn trí bliana na sraithe sóisearaí.