Seachtain na Gaeilge 2018

Coicís an-ghnóthach a bhí ann sa scoil idir 14ú agus 23ú Márta chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Bhí comórtas ealaíne ar siúl i measc na scoláirí sa chéad bhliain. Bhí céilí mór ar siúl chomh maith. Ghlac Bliain 1 agus Bliain 2 páirt ann. Thaitin an damhsa céilí agus an craic go mór leo go léir.  D’fhéach na daltaí ar ghearr-scannáin as Gaeilge.

Thug grúpa ceoltóirí sa scoil cuairt ar teach altranais Havenwood béal dorais leis an scoil. Sheinn siad, chan siad agus rinne siad rince agus cómhrá leis na seanóirí. Bhí seó tallainne ar siúl sa scoil Dé hAoine. Comhghairdeas le gach dalta a ghlac páirt ann go háirithe le Kelly Ní Mheirnín, Evan Ó Conaill agus Aletha Ní Chléirigh  a bhuaigh an comórtas. Thug Feisire de Pharlaimint na hEorpa Leah Ní Riadha cuairt ar an scoil i rithe na seachtainechomh maith. Labhair sí leis na daltaí i mBliain 4 agus 5 faoi Bhliain na Gaeilge 2018, úsáid agus staid na Gaeilge sa pharlaimint. Beatha teanga í a labhairt!