Seachtain na Sláinte 2018

Bhí Seachtain na Sláinte againn sa scoil idir an 19ú agus an 23ú Samhain 2018. Bhí seisiún cócaireachta ag bliainghrúpaí difriúla leis an múinteoir eacnamaíocht bhaile. Thug Megan ón Kingfisher cuairt ar an scoil agus labhair sí leis na daltaí ar fad faoi bhia sláintiúil agus conas an corp a chothú.

Chuir  Flahavan’s snaiceanna ar fail do na scoláirí i rith na seachtaine agus i mbliana bhí Stop Gach Rud agus Leigh mar chuid lárnach d’imeachtaí.  Thug Bliain 1 cuairt ar GIY Ard Chaoin agus rinne siad ceardlann cócaireactha ann.

Chomh maith le sin ar an Déardaoin labhair an Dr.Sarah Jane Cullen faoi chúrsaí spoirt i WIT agus faoina taithí fein agus thug Ollstór Ard Chaoin ciseán mór torthaí do na scoláirí don lón. Sna ranganna Mata d’fhoghlaim na daltaí conas innéacs corpmhaise (BMI) a ríomh agus labhair na Gardaí Síochána leo faoin dochar a dheanann drugai.

Ar an Aoine chuaigh siad ar siúlóid bhríomhar ar son Naomh Uinseann de Pól. Is fearr an tsláinte ná na táinte mar a deir an seanfhocal!

Ba mhaith linn ár mbuiochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn i rith na seachtaine ina measc, Flahavans, Lidl, GIY, Megan agus The KingFisher Gym Waterford, Dr. Sarah Jane Cullen (WIT), Ollstór Ard Chaoin agus na Gardaí Síochána.