Séasúr an Chairdis

Bhí Seachtain Dea-Thola fé lán seoil le coicís anuas i nGaelcholáiste Phort Láirge agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla na coicíse.  Cuireadh béim sna ranganna OSPS ar an mbaol a bhaineann le híomhánna a roinnt ar na meáin shóisialta. Molaimid do thuismitheoirí a bheith de shíor ag déanamh comhrá lena bpáistí faoin gcineál cumarsáide á dhéanamh acu ar na meáin. Tá eolas do thuistí faoi shábháilteacht idirlín ar fáil ar shuíomh Webwise.ie. Ar an Deardaoin chuaigh daltaí na scoile ag scátáil oighir agus d’eagraigh bl.6 imeachtaí agus cluichí do bl.1,,2,3 agus 4 chomh maith.

Bailiúchán Airgid ar son ‘Focus Ireland’ agus Bailiúchán Bídh ar son ‘Naomh Uinseann de Pól’

D’eagraigh daltaí na hIdirbhliana lá geansaí Nollag le déanaí ar son ‘Focus Ireland’. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éínne a ghlac páirt sa lá. Ina theannta san bhí comhairle na nDaltaí agus daltaí na scoile páirteach i mbailiúchán bídh ar son Naomh Uinseann de Pól.