Toscaireacht go Parlaimint na hEorpa 2018

Thug Clodagh Nic Phircín agus Tomás Breathnach ó Bhliain 5 cuairt ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil i mí Mhárta mar bhaill de thoscaireacht daltaí meánscoile ó ghaelcholáistí agus scoileanna gaeltachta i ndeisceart na hÉireann. Tugadh cuireadh do na daltaí dul ann agus foghlaim faoi chóras oibre na parlaiminte agus chun Bliain na Gaeilge a cheiliúradh. Bhuail siad leis an bhFeisire Leah Ní Riada a labhair leo i nGaeilge mar gheall ar an obair a dhéanann sí féin sa Pharlaimint, staid na Gaeilge san Aontas Eorpach agus faoi na deiseanna fostaíocht atá ann sa pharlaimint do ghaeilgeoirí na linne seo. D’imir na daltaí cluichí ról-imeartha sa Pharlamentarium agus  d’fhoghlaim siad an t-uafás faoi stair agus struchtúr daonlathach na hEorpa.

 

Clodagh Nic Phircín, Liadh Ní Riada FPE agus Tomás Breathnach