Turas Idirbhliana go BAC

Chaith lucht na hidirbhliana nach mór seachtain iomlán sa phríomhchathair ag tús mí Eanáir na bliana seo. D’fhoghlaim na daltaí go leor faoi stair agus saol na cathrach ar an turas stairiúil seo. Thug na daltaí cuairt ar Reilig Ghlas Naíon agus ar an reilig mhíleata i gCnoc an Arbhair.

Thug na daltaí cuairt ar Ard-Mhúsaem  na hÉireann – An Dánlann Náisiúnta agus is ann a chonaic siad an taispeántas Turner chomh maith le pósadh Strongbow agus Aoife. Bhain na daltaí go léir an-taitneamh go deo as an turas iontach timpeall Pháirc an Chrócaigh. D’fhoghlaim siad faoi Dhomhnach na Fola aguc chonaic siad radharcanna maithe na cathrach ar an turas Skyline. Chaith na scoláirí lá san 3Arena ag Comhdháil Cheannaireacht Mac Léinn Cycle Against Suicide. Ceol den scoth a bhí ann chomh maith le scéalta tábhachtacha a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte. Thaitin an turas go dtí an phictiúrlann agus timpeall na siopaí go mór leis na daltaí chomh maith dar ndóigh!

Reilig Ghlas Naíon

Comhdháil Cheannaireacht Mac Léinn Cycle Against Suicide

Lucht na hIdirbhliana

Páirc an Chrócaigh

Corn Mhic Cárthaigh agus Corn Mhic Uidhir