Ár Scoil / Our School

Scoil Chaitliceach Lán Ghaeilge í Gaelcholáiste Phort Láirge agus i faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta Scoileanna Lán-Ghaeilge.

Gael-Choláiste Phort Láirge is an All Irish Catholic school under the trusteeship of Foras Pátrúnachta scoileanna Lán-Ghaeilge.

Bunaíodh Gaelcholáiste Phort Láirge i 2007 le meán-oideachas lán Ghaelach a chur ar fáil i bPort Láirge. Tugtar áit do dhaltaí ar an dtuiscint go bhfuil siad sásta glacadh go hiomlán le héiteas Caitliceach lán Ghaeilge na scoile. Bhíomar lonnaithe ar shuíomh sealadach  sa Chlub Rugbaí i gCill Bharra go dtí Meitheamh 2011 agus i Meán Fómhair na bliana sin bhogamar go suíomh níos mó I mBaile Gunnair. Tá suíomh tuaite taitneamhach againn ar imeall na cathrach gan cur as ó nithe seachtracha , a thugann atmaisféar dá chuid féin don scoil. 

Gaelcholáiste Phort Láirge was founded in 2007 to enable parents to have their children educated through Irish at secondary level in Waterford. Pupils are accepted on the basis that they fully support the Irish speaking Catholic ethos of the school. We were initially located in The Rugby Club in Kilbarry until June 2011 and in September of that year we moved to Ballygunner. We have a very pleasant country location on the outskirts of the city without any external influences that provide for a special school atmosphere.

Feidhmíonn an scoil ar acmhainní a thagann ón Roinn Oideachais & Scileanna, síntiúis deonacha agus airgead a bhailíonn tuismitheoirí . Cuirtear polasaíthe na scoile i bhfeidhm chomh fada agus is féidir leis na háiseanna agus an maoiniú atá ar fáil don scoil. Feidhmíonn an scoil de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais & Scileanna (ROS). Leanann an scoil na cláir churaclaim atá leagtha amach ag an ROS, gur féidir athrú, ó am go céile; de réir Ranna 9 agus 30 An Acht Oideachais 1998.

The financial and teaching resources of the school are provided by a combination of: DES grants and teacher allocations, voluntary contributions and fund raising. Implementation of the school plan and school policy must have due regard to resources and funding available. The school operates within the regulations laid down by the DES. The school follows the curricular programmes prescribed by the DES, which may be amended from time to time, in accordance with Sections 9 and 30 of the Education Act 1998.