Ár nEolaithe Óga á gcur faoi agallamh ag RTÉ


Bhí foireann cispheile na gcailíní ón gcéad bhliain agus foireann ón dara bliain ag imirt sa chéad bhabhta de Shraith Chispheile an oirdheiscirt i gcoinne an Abbey inniu. Cé gur thug an chéad bhliain taispéantas iontach rith an lá leis an Abbey. D’éirigh leis an dara bliain an lámh in uachtar a fháil agus bhí bua iontach acu 24-12. Maith sibh a chailíní!
Tá Seachtain Dea-Thola faoi lán seoil le coicís anuas i nGaelcholáiste Phort Láirge agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla na coicíse. Bhronn Scoláirí na hIdirbhliana duaiseanna ar na Scoláirí Shóisearacha inniu a bhuaigh an Tráth na gCeist agus an Tóraíocht Taisce i gcaitheamh na seachtaine.