Mol an óige agus tiocfaidh sí. Tá deireadh na scoilbhliana buailte le Gaelcholáiste Phort Láirge. Bhí ócáid faoi leith ag an scoil i Séipéal Naomh Muire, Baile Gunnair agus ceolchoirm ar scoil chun imeachtaí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim aitheantais éagsúla ar scoláirí i ngach bliainghrúpa.
Aithnítear sa scoil go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le hardú meanman agus misnigh agus tuigtear go maith go bhfuil aitheantas faoi leith tuillte ag cuid mhaith scoláirí.
Bronnadh gradam do Ghaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang agus bronnadh gradam do Scoláire na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradaim Lán-Tinreamh, Gradaim Acadúla agus Gradaim Aitheantais Speisialta ar scoláirí ar an lá.
Comhghairdeachas le gach scoláire.