Bhí bronnadh oifigiúil againn ar scoil inniu don chun aitheantas a thabhairt do Ruán, Micheál, Cameron agus Maitiú a tháinig sa triú háit i gCraobh na hÉireann i gComórtas Thráth na gCeist a bhíonn á reachtáil ag Feachtas.

Bhí lá iontach ceoil againn ar scoil inniu chun críoch a chur le Ceiliúradh na Gaeilge 2023. Bhí sé i gceist againn ár gceolchoirm inscoile a bheith againn Dé Céadaoin seo caite ach bhí orainn é a chur siar de bharr na haimsire. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí go mór mhór scoláirí ón 3ú Bliain a chan leagan iontach d’Amhrán na nGael.
Comhghairdeachas le Polly, Ciara, Pól agus Sam a tháinig sa triú háit, Darcy, Caoimhe, Sophie agus Éabha a tháinig sa dara háit agus Clíodhna, Isobel, Jamie agus Arlo ón gCéad Bhliain a tháinig sa chéad áit i gcomórtas inscoile de Thráth na gCeist a bhí á reachtáil ag Scoláirí na hIdirbhliana mar pháirt do Cheiliúradh na Gaeilge 2023.
Bhí searmanas speisialta againn ar scoil inniu chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad uair a chuir Thomas Francis Meagher Bratach na hÉireann ar foluain i gCathair Phort Láirge 175 bliain ó shin. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Maebh Ní Dhíomáin a sheinn leagan álainn d’Amhrán na bhFiann ar na píopaí uillinn chun an ócáid a chomóradh.
Ba chorraitheach an lá a bhí ag Maitiú, Ruán, Cameron agus Micheál inniu agus iad san iomaíocht i gCraobh na hÉireann den gComórtas Tráth na gCeist a bhí á reachtáil ag Feachtas. Bhíodar sa dara háit den chuid is mó den chomórtas ach thiteadar siar sa bhabhta deireanach. D’éirigh leo an Triú hÁit a bhaint amach ar deireadh. Tá éacht déanta agaibh a leaideanna agus tá pobal na scoile bródúil asaibh!!
Eagraítear an taispéantas “ARTifice” i gCaisleán an Leasa Mhóir do scoláirí na hIdirbhliana ar fud Chontae Phort Láirge gach bliain. Ba mhór an phribhléid don Idirbhliain ó GCPL a bheith i láthair do sheoladh an taispeántais inniu. In ainneoin na drochaimsire bhain siad súp mór as an turas go dtí Gailearaí an Chaisleáin agus go hArdeaglais Chárthaigh. Tá súil acu go mbeidh deis acu cuairt a thabhairt ar gháirdíní an chaisleáin ar lá níos gile amach anseo.
Comhghairdeachas le Eoghan Ó Leathlobhair a fuair Duais Iontrála ó Choláiste na Trionóide le déanaí!
11 Waterford students receive Trinity Entrance Exhibition Awards | WLRFM.com
D’fhreastal ionadaithe ón scoil ar Bhronnadh na mBrat inné in SETU Arena. Bronnadh Bratach na hÉireann ar an scoil a bhí ar foluain cheana ag 33 An Meal, Port Láirge, mar chéiliúradh ar 175 bliain ó cuireadh Bratach na hÉireann ar foluain den chéad uair san áit céanna.
D’fhreastal an Taoiseach Leo Varadkar ar an searmanas chomh maith.
Bhailigh Cormac an brat ar son na scoile agus táimid ag tnúth go mór lenár gCeiliúradh féin an tseachtain seo chugainn ina mbeidh an brat á chur ar foluain againn anseo ar scoil.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an bhFundúireacht Thomas F. Meagher as lá den scoth a eagrú dúinn!