Bhailigh Scoláirí na hIdirbhliana agus Scoláirí ón Dara Bliain roinnt airgid don ‘Solas Centre’ mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus an Dea-Thola le linn na seachtaine. Bhronn siad an seic ar Jacki ón Solas Centre ar maidin.

Bíonn dea-thoradh ar obair chrua. Déanaimid comhghairdeas ó chroí le scoláirí Ardteistiméireachta na bliana seo a fuair a gcuid torthaí inniu. Bhain 66% de na scoláirí níos mó ná 500 pointí amach. Tréaslaímid le ceathrar a ghnóthaigh os cionn 600 pointí. Guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa amach anseo. Ár mbeannacht uainn i nGaelcholáiste Phort Láirge.
Tháinig scoláirí na hArdteiste, a dtuismitheoirí agus foireann na scoile le chéile i Séipéal Naomh Muire Baile Gunnair ag deireadh na bliana le slán a fhágail lena chéile. Tugadh aitheantas ar an oíche do ghnóthachtáil na scoláirí i rith na bliana. Bronnadh Gaeilgeoir an Choláiste ar Cháit Ní Scinnéir agus Scoláire na Bliana ar Chlara Ní Chuinneagáin. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua. Guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa seo i mbun na scrúduithe Ardteistiméireachta.
Tréaslaíonn pobal an Ghaelcholáiste le Megan Ní Ógáin a bhauigh an chéad duais ina catagaóir i gComórtas Ealaíne Texaco. Comhghairdeas léi!
https://www.wlrfm.com/lifestyle/waterford-student-wins-at-texaco-childrens-art-competition-252152