Cleas nó Cóisir!

Bhí spiorád na Samhna le braith sa scoil an tseachtain seo – ghleas go leor daltaí i bhfeistis éagsúla ar an Aoine agus dhearaigh daltaí Eacnamaíocht Bhaile Bl.1 maisiúcháin le cur in airde ina dtithe ar Oíche Shamhna agus atmaisféar deas a chruthú le linn na dianghlasa. Rinne siad uaschúrsáil ar ábhair a bhí acu sa bhaile le caomhnú timpeallachta a chur chun cinn #Scoilghlas.

Geimhreadh ceoch, earrach reoch, Samhradh grianmhar is fómhar biamhar. Is trian den obair tús a chur agus tá daltaí na hIdirbhliana ag obair go dian le cúpla seachtain anuas i ngairdín na scoile.