An Brat Glas

Brat Glas – Uisce

Le ceithre bhliain anuas tá pobal na scoile tar éis an-obair a dhéanamh i dtreo an Bhrait Uisce.

I mbliana, tá an idirbhliain agus Comhairle na Scoláirí ag feidhmiú mar Choiste Glas na scoile.

Glanadh Trá 2022

Chuaigh an idirbhliain go Trá Mhór chun an trá a ghlanadh. Fuair siad roinnt bruscair agus bhí ionadh orthu faoin méid truailliú a bhí ann. Líon siad roinnt málaí móra le bruscar ón trá agus óna dumhcha. Thuig siad san iomlán fadhb an truaillithe i ndiadh an ghlanta.

 Garraíodóireacht

Tá an idirbhliain ag déanamh tréanoibre ar an ghairdín scoile ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. Tá roinnt plandaí éagsúla curtha acu ann. Déanann siad é a uisciú leis an uisce ón mButt Uisce chun athúsáid a déanamh ar uisce báistí agus chun uisce a chaomhnú ar scoil. Beidh roinnt de na glasraí á bhaint acu go luath le hithe!

Glanadh Ceantair 2023

Chuaigh daltaí Bliain 1 agus Bliain 2 amach ag glanadh an cheantair áitiúil mar chuid den chomórtas Comhairle Contae. Bhí roinnt truailliú sa cheantar agus rinne siad an-obair chun é a ghlanadh. Líon siad a lán malaí le bruscar de gach saghas a bhí ar thaobh na bóithre, ach bhí plaisteach ar cheann de na truailleáin is mó a chonaic siad. Aimsíonn 80% de thruailliú plaistigh a bhealach isteach san uisce. Mar sin, ní amháin gur chabhraigh siad an ceantar áitiúil a choimeád glan, chabhraigh siad cosc a chur le roinnt truailliú uisce.

Comórtas Buidéal In-athúsáidte

Is é laghdú plaistigh aonúsáide ceann de na gníomhaíochtaí gur féidir a dhéanamh chun truailliú plaistigh san uisce a laghdú. Bheartaigh Coiste Glas na scoile aghaidh a thabhairt ar seo. Cé gur pholaisí na scoile é gan buidéal aonúsáide a úsáid ar scoil, tá an Coiste Glas ag iarraidh tuilleadh spreagadh a dhéanamh agus tuilleadh béime a chur ar an bhfadhb tar éis na paindéime COVID-19. Tá comórtas á rith acu chun daltaí na scoile a spreagadh chun buidéal in-athúsáidte a úsáid gach lá. Beidh siad ag déanamh seic gach lá cé mhéad dalta atá buidéal in-athúsáidte acu ar scoil agus beidh duais ann don rang is fearr ag deireadh na bliana!

Cur i láthair

Chuaigh an idirbhliain timpeall go dtí na ranganna sóisearacha sa scoil chun a lán eolais shuimiúil a roinnt leo faoi huisce. Bhí an cur i láthair bunaithe ar thruailliú, agus dírigh siad isteach ar thruailliú plaistigh san uisce. Léirigh siad an damáiste gur féidir le plaisteach déanamh nuair a théann sé isteach sna bealaí uisce. Freisin, léirigh siad an damáiste comhshaoil a dhéanann sé, an dochair a dhéanann sé d’ainmhithe agus conas atá sé tar éis sníomh isteach sa slabhra bia. Chuaigh siad trí ghníomhaíochtaí gur féidir leis na daltaí a dhéanamh ar scoil agus sa bhaile go laethúil chun a truailliú plaistigh a laghdú.

Comórtas Postaer

Bhí comórtas postaer ar siúl sa scoil le déanaí le daltaí Bliain 1 agus Bliain 2. Dear siad póstaeir iontacha bunaithe ar an téama caomhnú agus truailliú uisce. Beidh na póstaeir is fearr á chrochadh ar an Chlár Fógraí Bhrait Ghlais. Comhghairdeas leis na buaiteoirí!

Buaiteoirí Bliain 1: Éabha Ní Bhriain, Cormac Pheasey, Saoirse Ní Ghealbháin

Buaiteoirí Bliain 2:  Rhianna Ní Shé, Hannah de Barra agus Muireann Ní Dhuíghiolla

Lá Gorm

Bhí lá gorm againn ar scoil inar chaith gach duine i bpobal na scoile éadaí gorma chun caomhnú uisce agus laghdú truailliú uisce a spreagadh ar scoil. Bhailigh lucht na hidirbhliana airgead ar son Ocean Clean Up. Freisin, labhair siad leis na ranganna éagsúla chun a n-eolas a shoiléiriú ar chaomhnú agus truailliú uisce. Rinnemar suirbhé scoile freisin chun eolas a bhailiú ó na daltaí agus múinteoirí faoin méid uisce a mbaintear úsáid as sa bhaile ina gníomhaíochtaí laethúla agus chun a gcuid eolais ar an téama a mheas.

Lá na nÉadaí Glasa GCPL 14/03/19

Tháinig na scoláirí sa scoil le chéile ar an Déardaoin 14ú Márta 2019 chun aird an phobail a tharraingt ar mhí-úsáíd fuinnimh agus athrú aeráide. Chaith siad éadaí glasa chun an pobal a spreagadh an saol a chaitheamh GLAS.

Buaiteoirí an Chomórtas Phóstaeir chun an Cód Glas a léiriú. Comhghairdeas leo go léir.

GCPL GLAS

Gaelcholáiste Phort Láirge

Gach dalta agus gach múinteoir tiomnaithe ar

Laghdú Fuinnimh
Athrú Aeráide a Mhaolú agus
Sábháil na timpeallachta

Bag2School 06 Márta 2019

Míle buíochas le gach teaghlach a dheonaigh sean éadaí ar an scoil agus le Coiste na dTuistí agus Coiste an Bhrait Ghlais a d’eagraigh an bailiuchain. Rachaidh 10% den airgead a bhaileofar do LauraLynn House.

GCPL GLAS

Téama Teagaisc na Seachtaine –

Bruscar & Dramhaíl a laghdú agus

Athchúrsáil

28 Eanáir – 1 Feabhra 2019

An Brat Glas agus an Curaclam

 

 

 

Rinne Coiste an Bhrait Ghlais (Bliain 4) cur i láthair ar fhadhb an bhruscair in Éirinn do Bhliain 1,2 & 3.

Clár teilifíse Eco Eye RTE – Athmhachnamh ar bhruscar agus dramhaíl. Córas bruscair na hÉireann, athúsáid agus athchúrsáil. Fuinneamh a chruthú.

Cur i láthair ar

·         Chóras bruscair na scoile

·         Cód Glas

·         Buidéal uisce in-athúsáidte na scoile

·         Comórtas na Seomraí Slachtmhara

·         Scéim ar chadhnraí a athchúrsáil

 Rinne na ranganna Gaeilge staidéar ar na nithe seo a leanas:

 

Rinne Bliain 1 staidéar ar dhán. Athchúrsáil an téama a bhí ann. Rinne Bliain 4 léamhthusicint ar an timpeallacht. Rinne BL 5 staidéar ar an gcomhshaol agus ar phlaisteach sna farraigí.

 Rinne na ranganna Béarla staidéar ar na nithe seo a leanas:

 

Léigh Bliain 4 alt nuachta ar athrú aeráide.

Rinne Bliain 3 léamhthuiscint ar an téama.

Scríobh Bliain 5 litir ghearáin ón gcéad ghlúin eile mar gheall ar fhadhb an bhruscair agus easpa athchúrsála.

Scríobh Bliain 6 óráid maidir le hathrú aeráide.

Rinne na ranganna Mata staidéar ar na nithe seo a leanas:

 

Rinne na scoláirí i mBliain 3, 5 & 6 anailís ar staitisticí ar cso.ie a bhaineann le dramhaíl agus athchúrsáil in Éirinn i gcomparáid le tíortha an Aontais Eorpaigh.

 D’fhéach rang Tíreolais Bliain 1 ar fhíseán maidir le ró-dhaonra agus an tionchar a bhíonn aige ar an timpeallacht.
D’fhéach na ranganna Fraincise/ Spáinnise Bliain 1 agus 2 ar fhíseáin faoi athrú aeráide sna teangacha Eorpacha.

 

Rinne na ranganna Fraincise/ Spáinnise Bliain 5 & 6 léamhthusicintí ar théama na timpeallachta.

Rinne na ranganna Ealaíne Bliain 1 & 2 Comórtas Póstaeir
Rinne Eolaíocht Bliain 2 staidéar ar Aigéid, iarmhairt cheaptha teasa, an t-ózón agus CFCanna

Tá Brat Glas bunaithe ar bhruscar agus dramhaíl a laghdú aimsithe ag Coiste an Bhrait Ghlais 2016/17 agus tá an scoil go léir dírithe anois ar an dara Brat Glas a bhaint amach a bhaineann le húsáid fuinnimh a laghdú.

53773629n08_l
  • Plean Glas na Scoile 2016 – 2019 Dramhaíl agus Athchúrsáil

Brat Glas Plean Leasaithe 2016 2019 Dramhaíl agus Athchúrsáil

  • Plean Glas na Scoile 2017-2019 Fuinneamh

Brat Glas Plean Fuinnimh 2017 2019

  • Bailiúchan Éadaí Dara Láimhe Lenrec eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí ar siúl Dé hAoine 30/11/18. Fág éadaí sa scoil.
  • Comórtas Póstéir Deireadh Fómhair 2017

Cadhla Ní Riain, Siún Lourence agus Molly Ní Shé a bhauigh comórtas póstéir chun Cód Glas na scoile a léiriú. Deireadh Fómhair 2017

GCPL GLAS

Gaelcholáiste Phort Láirge

Gan Bruscar

Ag Laghdú Dramhaíola

Ag Athchúrsáil

Ag Sábháil na Timpeallachta

  • Is iad lucht na hIdirbhliana atá ag feidhmiú mar Choiste an Bhrait Ghlais 2018/2019
    • Bhronn An Taisce an chéad Bhrat Glas a bhaineann le dramhaíl agus bruscar a laghdú ar Ghaelcholáiste Phort Láirge ag searmanas speisialta in Óstan Chill Chainnigh i mÍ Bhealtainte 2017. D’oibrigh Comhailre na nDaltaí mar Choiste an Bhrait Ghlais go dian  chun an plean scoile a chur i bhfeidhm. Tá laghdú suntasach feicthe ar an méid dramhaíola a chruthaíonn an scoil agus déanann gach dalta buidéal spóirt a ath-úsáid chun líon na mbuidéal plaisteacha a úsáidtear a laghdú. Comhghairdeas le pobal uile na scoile a ghlac páirt san fheachtas tábhachtach seo.
  • Lá Athchúrsála Éadaí Athláimhe sa scoil

D’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí bailiúchán éadaí athláimhe sa scoil ar an Aoine 24ú Bealtaine 2018. Dheonaigh tuismitheoirí agus scoláirí éadaí athlaimhe, éadaí leapa, brógaí, tuáillí, cuirtíní, málaí, agus bréagáin bhoga. Déanfar na héadaí a athchúrsáil agus beidh laghdú ar líon na n-earraí a théann go líonadh talún dá bharr. Bhailigh an scoil 1,080kg d’ábhar in-athchúrsáilte chomh maith le €295. Go raibh míle maith agaibh do gach duine a ghlac páirt.

  • Cód Glas an Ghaelcholáiste – Téama 1

GCPL GLAS

Gaelcholáiste Phort Láirge

Gan Bruscar

Ag Laghdú Dramhaíola

Ag Athchúrsáil

Ag Sábháil na Timpeallachta

Comhghairgdeas le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas póstaeir chun Cód Glas na scoile a léiriú.

img_4307-2

Buaiteoir: Heather De Spáinn Bliain 1

  •  Rang Ealaíne Bliain 2 ag cruthú ealaíne as ábháir in-athchúrsáilte
  • Glantachán an Earraigh

    Chuaigh Bliain 1 amach ar na sráideanna i mBaile Gunnair Dé Céadaoin 3ú Bealtaine 2017 chun bruscar a bhí caite ar an talamh a phiocadh suas. Chuaigh grúpa amháin síos Bóthar Bhaile Liam chomh fada leis an Ionad Sóláis. Chas siad ar dheis ansin agus lean siad orthu go hOspidéal na hOllscoile Phort Láirge. Chuaigh an grúpa eile síos an bóthar taobh le Séipéal Naomh Muire. Chas siad ar chlé ar Bhóthar Dhún Mór agus tháinig an dá ghrúpa le chéile leis na málaí bruscair. Ocht mála lán ar fad a bhailigh siad. Is saoránaigh glasa iad lucht na chéad bhliana sa Ghaelcholáiste agus moltar iad as an teachtaireacht thábhachtach a scaipeadh go bhfuil sé mícheart bruscar a chaitheamh ar thaobh an bhóthair.

    • Lá Athchúrsála Éadaí Athláimhe sa scoil

     

    D’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí bailiúchán éadaí athláimhe eile sa scoil ar an Aoine 26ú Bealtaine 2017. Bhailigh an scoil 827kg d’ábhar in-athchúrsáilte chomh maith le nach mór €300. Rachadih na héadaí chun na hAfraice. Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt.