Comhairle na Scoláirí

Toghtar beirt ionadaithe ó gach rang ar chomhairle na scoláirí gach bliain sa scoil. Tugann an chomhairle guth do na scoláirí sa scoil. Eagraíonn an chomhairle imeachtaí i rith na bliana a chuireann go mór le spiorad na scoile agus a thugann deis do na scoláirí a scileanna ceannaireachta a fhorbairt.