Fís agus Aidmeanna an Choláiste/ Vision and Aims of the College

Fís

Ionad léinn lánGhaelach ar ardchaighdeán a chur chun cinn, i gceantar Phort Láirge, ionad le ról lárnach sa léann agus i bhforbairt an cheantair; ionad ina spreagtar suim na scoláirí san oideachas, san fhoghlaim agus sa chultúr Gaelach ionas go mba shaibhre an duine agus an dúiche go cultúrtha, sóisialta, aeistéitiúil agus spioradálta dá bharr.

To provide an all Irish centre of educational excellence in the Waterford area, a centre with a dominant role in education and development in the area; a centre where the students’ interest in education and learning is cultivated in order to enrich the district and its people culturally, socially, aesthetically and spiritually.

Aidhmeanna

1. Scoth Ionad Léinn: Curaclam leathan a sholáthar le hardchaighdeán múinteoireachta agus suíomh ard-éifeachtach foghlama a chur ar fáil ionas go mbeidh an deis ag gach scoláire buaic a c(h)umais a bhaint amach go hacadúil, cultúrtha, sóisialta, spioradálta, aeistéitiúil agus fisiciúil.
Bainfear leas as an teicneolaíocht mar áis lárnach ag saibhriú agus a leathnú eispéiris foghlama agus scileanna na scoláirí.
A Centre of Educational Excellence: Provide a broad subject curriculum with high teaching standards and a very effective learning environment to enable each student to reach his/her full potential academically, culturally, socially, spiritually, academically, aesthetically and physically. Technology will play an important role as an aid in enriching and broadening the students’ learning experiences and skills.

2. Teanga Bheo: – Go nglacfaidh gach scoláire/fostaí ról gníomhach i gcur chun cinn agus úsáid na Gaeilge mar theanga nádúrtha cumarsáide fadsaolach.
A Living Language: That every student/ staff member take an active role in the promotion and use of Gaeilge as a natural lifelong medium of communication.

3. Forbairt Phearsanta: Tréithe pearsanta an scoláire a aithint agus a fhorbairt trí phobal scoile a chruthú le hatmaisféar fáilteach, muinteartha, aontaithe; le moladh agus cothrom na féinne go mór i bhfeidhm ionas gur féidir le gach scoláire obair as a stuaim féin, a bheith neamhspleách ina m(h)eon agus bláthú mar dhuine ann féin.

Personal Development: To acknowledge and develop the personal traits of the student by creating a school community in an open, friendly, and unified atmosphere, where encouragement and fairness is paramount so that every student can work autonomously, be independent minded and blossom as an individual.

4. Feasacht an Chultúir: Suim a mhúscailt i gcultúir uile na hÉireann mar bhunús le dul chun cinn na scoláirí sa todhchaí agus mar bhunús lena dtuiscint agus a meas ar chultúir eile.
Culture Awareness: Instil an interest in every aspect of Irish culture as a basis for their future wellbeing and as a basis for their understanding and respect for other cultures.

5. Pobal Uile Scoile: Go mbeidh tuismitheoirí agus cairde uile na scoile páirteach linn san obair ag forbairt féinmhuiníne, féinmheasa agus freagrachta inár scoláirí ionas go mbeidh siad ina saoránaigh sásta, féinmhuiníneacha; a bheidh rannpháirteach ina dtimpeallacht féin agus
fonnmhar an cultúr Gaelach agus luachanna na Críostaíochta a chur chun cinn go fadsaolach.
A Whole School Community: That parents and all friends of the school will be with us in our efforts to develop confidence, self-respect and responsibility in our students to enable them to be content citizens who will actively participate in their own community and will continue on promoting the various aspects of Irish culture and Christian values.