

Tá ról lárnach ag an teicneolaíocht i gcúrsaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe i nGaelcholáiste Phort Láirge. Úsáideann scoláirí téacsleabhair agus cóipleabhair nuair a bhíonn siad i mbun foghlama chomh maith.
Technology plays an important role in teaching, learning and assessment in Gaelcholáiste Phort Láirge. Students use textbooks and copybooks also when engaged in their learning.
Úsáideann múinteoirí Office 365, Microsoft Teams agus an Microsoft Surface Pro chun áiseanna foghlama a chruthú agus a roinnt le scoláirí. Bíonn teacht ag na scoláirí ar na háiseanna sin ar Microsoft Teams le húsáid arís agus arís eile nuair a bhíonn said ag déanamh obair bhaile agus ag staidéar. Cabhraíonn an teicneolaíocht le scoláirí bainistíocht a dhéanamh ar a gcuid foghlama.
Teachers use Office 365, Microsoft Teams and the Microsoft Surface Pro to create and share resources with students. Students can access these resources in Microsoft Teams and reuse them as required when doing their homework and studying. Technology helps students to manage their learning.
Is fillteán agus cóipleabhar digiteach é Microsoft Teams. Úsáideann na scoláirí Teams chun obair scoile a dhéanamh le múinteoirí nuair a bhíonn siad ar scoil agus nuair a bhíonn siad ag foghlaim sa bhaile. Spreagann na háiseanna teicneolaíochta seo na scoláirí chun páirt ghníomhach a ghlacadh san fhoghlaim.
Microsoft Teams is a digital copybook and folder system which allows students and teachers to work closely together and remotely with each other. These technology based resources motivate students to actively engage with their learning.
Úsáideann gach scoláire ríomhaire glúine i nGaelcholáiste Phort Láirge. Foghlaimíonn scoláirí sa Ghaelcholáiste conas a bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair a bhíonn an teicneolaíocht in úsáid acu.
Every student uses their own personal school managed laptop in school. Students are taught to use technology in a safe, responsible and ethical manner.

Is clár forbartha gairmiúla é Microsoft Certified Educator (MCE) a dhúnann an bhearna idir scileanna teicneolaíochta agus teagasc nuálach. Léiríonn an teastas MCE, atá bainte amach ag múinteoirí an Ghaelcholáiste, go bhfuil na scileanna againn atá ag teastáil chun eispéiris foghlama shaibhre shaincheaptha a sholáthair do scoláirí na scoile, lena n-áirítear scileanna ríthábhachtacha an 21ú haois ag baint úsáide as uirlisí Microsoft.


Microsoft Certified Educator (MCE) is a professional development programme that bridges the gap between technology skills and innovative teaching. GCPL teachers hold a MCE qualification demonstrating that we have the skills needed to provide rich, customised learning experiences for our students that incorporate critical 21st century skills using Microsoft tools.