Tá ról lárnach ag an teicneolaíocht i gcúrsaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe i nGaelcholáiste Phort Láirge. Úsáideann gach scoláire ríomhaire glúine ar scoil gach lá. Úsáideann scoláirí téacsleabhair agus cóipleabhair nuair a bhíonn siad i mbun foghlama chomh maith. Is feidir plean foghlama digití reatha na scoile a léamh anseo.
Technology plays an important role in teaching, learning and assessment in Gaelcholáiste Phort Láirge. Every student uses their own personal school managed laptop here in the school. Students use textbooks and copybooks also when engaged in their learning. You can read the school’s digital learning plan here.

Úsáideann múinteoirí Office 365, Microsoft Teams agus an Microsoft Surface Pro chun áiseanna foghlama a chruthú agus a roinnt le scoláirí. Bíonn teacht ag na scoláirí ar na háiseanna sin ar Microsoft Teams le húsáid arís agus arís eile nuair a bhíonn said ag déanamh obair bhaile agus ag staidéar. Cabhraíonn an teicneolaíocht le scoláirí bainistíocht a dhéanamh ar a gcuid foghlama.
Teachers use Office 365, Microsoft Teams and the Microsoft Surface Pro to create and share resources with students. Students can access these resources in Microsoft Teams and reuse them as required when doing their homework and studying. Technology helps students to manage their learning.
Is fillteán agus cóipleabhar digiteach é Microsoft Teams. Úsáideann na scoláirí Teams chun obair scoile a dhéanamh le múinteoirí nuair a bhíonn siad ar scoil agus nuair a bhíonn siad ag foghlaim sa bhaile. Spreagann na háiseanna teicneolaíochta seo na scoláirí chun páirt ghníomhach a ghlacadh san fhoghlaim.
Microsoft Teams is a digital copybook and folder system which allows students and teachers to work closely together and remotely with each other. These technology based resources motivate students to actively engage with their learning.
Foghlaimíonn scoláirí sa Ghaelcholáiste conas a bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair a bhíonn an teicneolaíocht in úsáid acu.
Students are taught to use technology in a safe, responsible and ethical manner.

SELFIE
Self-Reflection on Effective Learning by Fostering the Use of Innovative Educational Technologies
Uirlis ar líne is ea SELFIE, forbartha ag an gCoimisiún Eorpach chun cabhrú le scoileanna measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a mbaineann siad leas as teicneolaíochtaí digiteacha ar mhaithe le foghlaim éifeachtach nuálach. Le SELFIE, faigheann ár scoil léargas ar an staid ina bhfuilimid maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid, le tuairimí ó mhúinteoirí, ó scoláirí agus ó cheannairí na scoile curtha san áireamh. Cabhraíonn an próiseas féinmheasúnaithe seo le plé sa scoil maidir le réimsí ina bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh. Le SELFIE freisin, is féidir leis an scoil súil a choinneáil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh againn le húsáid na teicneolaíochta.
SELFIE is an online tool developed by the European Commission to help schools evaluate how they are using digital technologies for effective and innovative learning. Through SELFIE, our school gains valuable insights into our current use of digital technologies, incorporating the perspectives of teachers, students, and school leaders. This self-assessment process supports internal discussions about areas for improvement. Additionally, SELFIE enables the school to monitor our progress in integrating technology over time.



