Ré Nua i nGaelcholáiste Phort Láirge

I mbliana den chéad uair i nGaelcholáiste Phort Láirge beidh daltaí Bl.1 agus daltaí Bl.4 ag baint úsáide as gléas ríomhaireachta sa seomra ranga. Togra trí bliana is ea é seo agus faoin mbliain 2022 beidh ríomhaire in úsáid ag gach aon bhliainghrúpa sa scoil. Rachaidh an teicneolaíocht seo go mór chun tairbhe do dhaltaí na scoile rud atá tráthúil go leor sa domhan éiginnte ina mairimid. Ní hamháin go bhfuil béim ar an teanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht anseo i nGaelcholáiste Phort Lairge, tá súil ghéar ar an todhchaí againn agus ar na scileanna teicneolaíochta atá ag teastáil sa lá atá inniú ann.  Úsáidfear an teicneolaíocht i ngach aon ghné de shaol na scoile idir an teagasc, an fhoghlaim agus cúrsaí measúnaithe. É sin ráite, is cur chuige cumaiscthe a bheidh ann. Bainfear úsáid as téacsleabhair agus beidh béim níos mó ná riamh ar scileanna litearthachta na scoláirí. Tá dhá bhliain caite ag foireann na scoile ag traenáil chuige seo, rud a sheas sé go mór leo agus le daltaí na scoile le linn dúinn a bheith faoi dhianghlasáil anuraidh.

This year for the first time in Gaelcholáiste Phort Láirge both First and Transition Year students will be using a computer/device in the classroom as part of their learning. This is a three-year project which will see all students in the school with a device by 2022. The staff of Gaelcholáiste Phort Láirge have spent the past two years educating themselves and training for their implementation in the classroom, something which stood greatly to the students during the recent lock-down.