Séasúr an Chairdis 2020

Tá Séasúr an Chairdis fé lán seoil le coicís anuas i nGaelcholáiste Phort Láirge agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla na coicíse.  I rith na coicíse d’eagraigh daltaí na hIdirbhliana tráth na gceist agus tóraíocht taisce do dhaltaí bl.1 agus 2.

Bailiúchán Airgid ar son ‘Focus Ireland’ agus Bailiúchán Bídh ar son ‘Naomh Uinseann de Pól’

D’eagraigh daltaí na hIdirbhliana ‘lá geansaí Nollag’ le déanaí ar son ‘Focus Ireland’. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éínne a ghlac páirt sa lá. Ina theannta san bhí comhairle na ndaltaí agus daltaí na scoile páirteach i mbailiúchán bídh ar son Naomh Uinseann de Pól. Ar an 11 Nollaig ghlac daltaí na scoile páirt i siúlóid Urraithe 1,000km ar son Naomh Uinseann de Pól agus bhailíodar breis is €200 don charthanacht céanna. Ní mar mhagadh iad!