Tá Seachtain Dea-Thola fé lán seoil agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla an tseachtain seo. Go dti seo, cuireadh béim sna ranganna OSPS ar an mbaol a bhaineann le híomhánna a roinnt ar na meáin shóisialta. Molaimid do thuismitheoirí a bheith de shíor ag déanamh comhrá lena bpáistí faoin gcineál cumarsáide á dhéanamh acu ar na meáin. Tá eolas do thuistí faoi shábháilteacht idirlín ar fáil ar shuíomh Webwise.ie. Ar an Deardaoin chuaigh daltaí na scoile ag scátáil oighir.