Slán fágtha ag Bl.6 le Gaelcholáiste Phort Láirge

Tháinig daltaí na hArdteiste agus foireann na scoile le chéile ag deireadh na bliana le slán a fhágail lena chéile. Bronnadh scoláire na Bliana ar Sian Ní Fhoghlú. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár múinteoir ceoil, Bríd Ní Chuirtín as ucht a cuid oibre go léir ar lá. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua agus guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa amach anseo. Braithimid uainn go mór iad.