Bhi Seachtain nó coicís thar a bheith rathúil agus gníomhach sa Ghaelcholáiste le cúpla seachtain anuas. Bhí imeachtaí laethúla ar siúl ina measc Céilithe, tráth na gCeist, ceol ag am lóin agus comórtas póstaer. Bhí ceardlann scríbhneoireachta ag bl.4, bl.5 agus bl.6 leis an scríbhneoir iomráiteach Ré Ó Laighléis, agus bhí daltaí na scoile le clos ar ‘The Big Breakfast Blaa (WLRFM) le Mary agus Ollie. Ina theannta san sheinn ceoltóirí na scoile ag ceolchoirm a d’eagraigh W.I.T le linn SnaG agus bhí deis labhartha ag na daltaí le Irial Ó Ceallaigh (Oifigeach Pleanáil Teanga sna Déise),Peter Kavanagh (An Comhaontas Glas), Niamh Ní Chróinín (Bainisteoir Raidió Rí Rá),Mícheál Ó Coileáin (Oifigeach Forbartha Gaeilge an HSE),Eoin Breathnach (CLG Phort Láirge),Pól Ó Finn (Conradh na Gaeilge) faoina nGairmeacha le Gaeilge. Ar an gceadaoin thug Donnchadh Ó Ceallacháin (Staraí) turas treoraithe timpeall an mhúsaeim do dhaltaí na hIdirbhliana.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le WLRFM, Ré Ó Laighléis, Seamus Ó Diollún (W.I.T), Donncha Ó Ceallacháin (Musaem), Máire Seo Breathnach (Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge), daltaí na hIdirbhliana agus Múinteoirí na scoile. ‘Ní neart go cur le chéile’.