Tá Gaelcholáiste Phort Láirge ar cheann de na chéad scoileanna san Eoraip atá tar éis Gradam Scoileanna Digiteacha na hEorpa a bhaint amach.
Seoladh Gradaim na Scoileanna Digiteacha anuraidh chun inniúlacht, comhoibriú agus forbairt scileanna teicneolaíocht a chur chun cinn i scoileanna. Tugann clár Erasmus+ de chuid Choimisiúin na hEorpa, ranna rialtais náisiúnta agus príomhchomhlachtaí teicneolaíochta, HP ina measc, tacaíocht don chlár seo.
Roghnaíodh 90 meánscoil ón Mór-Roinn chun páirt a ghlacadh sa chlár seo. Roghnaíodh scoileanna ó Éirinn, Albain, an Liotuáin, an tSeirbia agus an tSlóivéin. Seo é an chéad chlár den chineál seo atá fáil san Eoraip.
Bronnadh an gradam seo ar Ghaelcholáiste Phort Láirge mar aitheantas ar bharr feabhais agus cur chun cinn an dea-chleachtais in úsáid na teicneolaíochta ar scoil.
Chun an gradam seo a bhaint amach, b’éigean don scoil ceannaireacht éifeachtach san oideachas digiteach a léiriú. Deimhníonn an gradam seo go bhfuil an bonneagar teicneolaíochta atá ar fáil sa scoil agus na háiseanna atá in úsáid ag múinteoirí agus scoláirí ar chaighdeán an-mhaith. Rinneadh measúnú ar chultúr, clár forbartha gairmiúla agus cleachtas múinteoireachta na scoile mar chuid den iarratas.
Is gá do scoileanna a ghlacann páirt sa chlár seo uirlis fhéinmheastóireachta Choimisiúin na hEorpa SELFIE a úsáid chun an teagasc agus foghlaim dhigiteach sa scoil a mheas agus an fhianaise a úsáid chun spriocanna agus gníomhartha d’fheabhsúchán a phleanáil. Tugtar áiseanna agus tacaíocht ghairmiúil do mhúinteoirí a chabhraíonn leo an curaclam digiteach sa scoil a fhorbairt. Foghlaimíonn scoláirí an Ghaelcholáiste réimse leathan scileanna teicneolaíochta.
Is í aidhm an chláir seo ná nasc idir múinteoirí agus scoileanna a chruthú chomh maith le pobal scoileanna atá an-inniúil ar úsáid an teicneolaíochta a chur chun cinn.
Dúirt Cáit Ní Shé, Príomhoide, Gaelcholáiste Phort Láirge: “Is mór an éacht é bheith ar cheann de na chéad scoileanna san Eoraip a ghnóthaigh an gradam seo, agus is ábhar aoibhnis agus bróid é do phobal uile na scoile .
“D’oibrigh ár múinteoirí agus ár ndaltaí araon go dian dícheallach chun foghlaim dhigiteach a fhorbairt agus a leabú sa churaclam. Bhí sprioc leagtha amach againn le roinnt ama anuas ag cinntiú go mbeadh teacht ag ár ndaltaí ar an trealamh, ar na hacmhainní agus ar an tacaíocht chun a scileanna agus a litearthacht a fhorbairt sa réimse seo. Tá clár Ghradam na Scoileanna Digiteacha Eorpacha tar éis móiminteam a thabhairt dúinn anois chun straitéisí nua a bhrú chun cinn.
“D’oscail Gradam na Scoileanna Digiteacha Eorpacha bealaí don chomhoibriú, laistigh de phobal ár scoile féin agus le comhghleacaithe i dtíortha eile, agus tá dlúth-chaidreamh oibre tógtha againn le gairmithe oideachais ar fud na hEorpa.
“Táimid an-bhródúil as éachtaí ár scoile, agus leanfaimid orainn ag roinnt dea-chleachtais lenár gcairde ar fud na mór-roinne.”