An Brat Glas / Green-Schools Programme

Téama Reatha – Taisteal

Ta coiste an scoil dírithe ar théama an taistil i mbliana.

Bronnadh brat Uisce na Scoileanna Glasa ar Ghaelcholáiste Phort Láirge i 2023.

Gaelcholáiste Phort Láirge was awarded the Green Schools Water flag in 2023.

Glanadh Trá 2022

Chuaigh an idirbhliain go Trá Mhór chun an trá a ghlanadh. Fuair siad roinnt bruscair agus bhí ionadh orthu faoin méid truailliú a bhí ann. Líon siad roinnt málaí móra le bruscar ón trá agus óna dumhcha. Thuig siad san iomlán fadhb an truaillithe i ndiaidh an ghlanta.

Garraíodóireacht

Tá an idirbhliain ag déanamh tréanoibre ar an ghairdín scoile ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. Tá roinnt plandaí éagsúla curtha acu ann. Déanann siad é a uisciú leis an uisce ón mButt Uisce chun athúsáid a déanamh ar uisce báistí agus chun uisce a chaomhnú ar scoil. Beidh roinnt de na glasraí á bhaint acu go luath le hithe!

Glanadh Ceantair 2023

Chuaigh daltaí Bliain 1 agus Bliain 2 amach ag glanadh an cheantair áitiúil mar chuid den chomórtas Comhairle Contae. Bhí roinnt truailliú sa cheantar agus rinne siad an-obair chun é a ghlanadh. Líon siad a lán malaí le bruscar de gach saghas a bhí ar thaobh na bóithre, ach bhí plaisteach ar cheann de na truailleáin is mó a chonaic siad. Aimsíonn 80% de thruailliú plaistigh a bhealach isteach san uisce. Mar sin, ní amháin gur chabhraigh siad an ceantar áitiúil a choimeád glan, chabhraigh siad cosc a chur le roinnt truailliú uisce.

Comórtas Buidéal In-athúsáidte

Is é laghdú plaistigh aonúsáide ceann de na gníomhaíochtaí gur féidir a dhéanamh chun truailliú plaistigh san uisce a laghdú. Bheartaigh Coiste Glas na scoile aghaidh a thabhairt ar seo. Cé gur pholaisí na scoile é gan buidéal aonúsáide a úsáid ar scoil, tá an Coiste Glas ag iarraidh tuilleadh spreagadh a dhéanamh agus tuilleadh béime a chur ar an bhfadhb tar éis na paindéime COVID-19. Tá comórtas á rith acu chun daltaí na scoile a spreagadh chun buidéal in-athúsáidte a úsáid gach lá. Beidh siad ag déanamh seic gach lá cé mhéad dalta atá buidéal in-athúsáidte acu ar scoil agus beidh duais ann don rang is fearr ag deireadh na bliana!

Cur i láthair

Chuaigh an idirbhliain timpeall go dtí na ranganna sóisearacha sa scoil chun a lán eolais shuimiúil a roinnt leo faoi huisce. Bhí an cur i láthair bunaithe ar thruailliú, agus dírigh siad isteach ar thruailliú plaistigh san uisce. Léirigh siad an damáiste gur féidir le plaisteach déanamh nuair a théann sé isteach sna bealaí uisce. Freisin, léirigh siad an damáiste comhshaoil a dhéanann sé, an dochair a dhéanann sé d’ainmhithe agus conas atá sé tar éis sníomh isteach sa slabhra bia. Chuaigh siad trí ghníomhaíochtaí gur féidir leis na daltaí a dhéanamh ar scoil agus sa bhaile go laethúil chun a truailliú plaistigh a laghdú.

Comórtas Postaer

Bhí comórtas postaer ar siúl sa scoil le déanaí le daltaí Bliain 1 agus Bliain 2. Dear siad póstaeir iontacha bunaithe ar an téama caomhnú agus truailliú uisce. Beidh na póstaeir is fearr á chrochadh ar an Chlár Fógraí Bhrait Ghlais. Comhghairdeas leis na buaiteoirí!

Buaiteoirí Bliain 1: Éabha Ní Bhriain, Cormac Pheasey, Saoirse Ní Ghealbháin

Buaiteoirí Bliain 2:  Rhianna Ní Shé, Hannah de Barra agus Muireann Ní Dhuíghiolla

Lá Gorm

Bhí lá gorm againn ar scoil inar chaith gach duine i bpobal na scoile éadaí gorma chun caomhnú uisce agus laghdú truailliú uisce a spreagadh ar scoil. Bhailigh lucht na hidirbhliana airgead ar son Ocean Clean Up. Freisin, labhair siad leis na ranganna éagsúla chun a n-eolas a shoiléiriú ar chaomhnú agus truailliú uisce. Rinnemar suirbhé scoile freisin chun eolas a bhailiú ó na daltaí agus múinteoirí faoin méid uisce a mbaintear úsáid as sa bhaile ina gníomhaíochtaí laethúla agus chun a gcuid eolais ar an téama a mheas.

Bronnadh brat ‘Fuinneamh’ na Scoileanna Glasa ar Ghaelcholáiste Phort Láirge i 2021.

Gaelcholáiste Phort Láirge was awarded the Green-Schools Energy flag in 2021.

Bronnadh brat Bruscar agus Dramhaíl na Scoileanna Glasa ar Ghaelcholáiste Phort Láirge i 2017.

Gaelcholáiste Phort Láirge was awarded the Green-Schools Litter and Waste Flag flag in 2017.