Tumoideachas / Immersion Education

De réir taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, áirítear i measc buntáistí an chórais:

According to national and international research, advantages of immersion education include:

Buntáistí cognaíochta agus gnóthachtáil mhéadaithe curaclaim: Bíonn cumas intinne níos fearr ag an bpáiste/scoláire agus mar sin torthaí níos fearr.

Cognitive advantages and greater academic success: The child/pupil will have greater mental ability and will achieve better results.

Níos éasca teangacha eile a fhoghlaim: Forbróidh scoláirí an dá theanga agus ní bheidh aon drochthionchar d’fhorbairt ceachtar teanga ná d’aon ábhar eile sa churaclam, msh. Fraincis, Spáinnis, Stair, Ealaín, nó eile.

Easier to learn additional languages: The child/pupil will develop both languages and neither will be negatively affected, nor will their progress in any other subject, e.g. French, Spanish, History, Art, etc.

Bíonn páistí/scoláirí líofa agus liteartha i dhá theanga: Deir na saineolaithe idirnáisiúnta gur fearr na scileanna litearthachta a aistriú ó mhionteanga go mórtheanga seachas a mhalairt.

The ability to speak two languages fluently and to read and write in two languages: International experts point to the fact that literacy skills transfer with greater ease from a minority language to a majority language.

Scileanna cumarsáide níos fearr, cruthaitheacht agus íogaireacht chumarsáide.

Better communication skills, more creativity and sensitivity to communication.

Rachaidh páistí/scoláirí i dtaithí agus i bhféinmhuinín ar a gcultúr féin, rud a chabhraíonn le muinín agus diongbháilteacht féiniúlachta.

Children/pupils gain a deeper appreciation of their culture, which leads to increased self-esteem and sense of identity.

Buntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta: Is scil ar leith obair a dhéanamh i dteangacha éagsúla.

Economic and employment benefits: Ability to work in more than one language is a valued skill.

Beidh tuiscint agus ómós ag páistí/scoláirí ar chultúir éagsúla: Spreagann an córas ilchultúrachas níos doimhne agus caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr, níos lú ciníochas.

Broader exposure to and appreciation of the value of various cultures: Deeper multi-culturalism, greater tolerance and less racism.

D’fhéadfaí bónas mharcanna a thabhairt d’iarrthóirí a fhreagraíonn scrúdú scríofa Ardteiste trí Ghaeilge.

A candidate who answers in Irish in the written examination in certain Leaving Certificate subjects may be given bonus marks.