Ár dTeanga Ár nDúchas
Skip to content
  • Fáilte
  • Fúinn
    • An Ghaeilge
    • Ár Scoil
    • Droichead
    • Féilire na Bliana
    • Féin-Mheastóireacht Scoile
    • Fís agus Aidhmeanna
    • Forbairt Phearsanta
    • Leabhar Liostaí
    • Misean agus Éiteas
    • Polasaithe
    • Post Múinteoireachta
    • Sonraí Teagmhála
    • Tuairiscí Cigireachta
    • Tumoideachas
    • Uaireanta Scoile
    • VSware
  • Pobal Scoile
    • Bainistíocht
    • Comhairle na Scoláirí
    • Coiste na dTuismitheoirí
    • Foireann Teagaisc
  • Teagasc agus Foghlaim
    • An tSraith Shóisearach
    • An Idirbhliain
    • Ardteistiméireacht
    • Measúnú
    • Foghlaim Dhigiteach
    • Gradam Scoileanna Digiteacha
    • Oiliúint Microsoft
    • Áiseanna Foghlama
  • Seach-Churaclaim
    • Spórt
    • Ceol agus Cór
    • Díospóireacht
    • Turais
    • Féilte Scoile
    • An Brat Glas
    • Gaisce
    • Garraíodóireacht
    • Eolaí Óg
    • Club Óige
    • Staidéar Maoirsithe
    • Club Obair Bhaile
  • Nuacht
    • Nuacht Scoile
    • Na Meáin Shóisialta
  • Clárú
    • Polasaí Iontrála
    • Fógra Iontrála
    • Foirm Iarratais Iontrála Bl.1
    • Foirm Iarratais Iontrála Bl.2 – Bl.6

Na Meáin Shóisialta

gcplabu

Bhí ócáid speisialta sa scoil an tseachtain seo ca Bhí ócáid speisialta sa scoil an tseachtain seo caite chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Chuir Cáit Ní Shé, príomhoide na scoile, fáilte roimh mhúinteoirí, tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus siblíní na scoláirí ar an lá. Creidtear go láidir sa scoil i sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Bronnadh gradaim aitheantais speisialta ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh gradaim acadúla, gradaim barr feabhais agus Corn an Choláiste. Tháinig pobal na scoile le chéile ina dhiaidh sin sa chlós, áit ar cuireadh sólaistí ar fáil, buíochas le Coiste na dTuismitheoirí, agus ceol den scoth á sheinm ag grúpa ceoltóirí traidisiúnta na scoile, chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh. Chuir ceoltóirí na scoile go mór leis an searmanas. Comhghairdeas ó chroí le cách.
Instagram post 18586711087037524 Instagram post 18586711087037524
Scoláirí den scoth. Idirbhliain den scoth. Buíocha Scoláirí den scoth. Idirbhliain den scoth. Buíochas le múinteoir Amy a chuir clár taitneamhach agus tairbheach ar fáil. Comhghairdeas leis na scoláirí go léir.
Bhain dream Gaisce na hidirbhliana sár-taitneamh a Bhain dream Gaisce na hidirbhliana sár-taitneamh as an sléibhteoireacht a rinne siad chun a ngradaim a chríochnú. Chuaigh siad ag sléibhteoireacht thar dhá lá trasna Shléibhte an Chomaraigh, ag fanacht thar oíche i Ráth Ó gCormaic. Réitigh siad a ndinnéar féin agus bhí an-chraic acu ar an iomlán sa tráthnóna i ndiadh a gcéad lá siúlóide. Chinntigh an treoraí, Michael, go raibh an siúil suimiúil ach dúshlánach agus shiúil siad 29km thar an dá lá. Comhghairdeas le gach scoláire a rinne an sléibhteoireacht agus a bhain an Gradam Gaisce amach! 🎉
Comhghairdeas le foireann sacair na mbuachaillí só Comhghairdeas le foireann sacair na mbuachaillí sóisearacha a bhuaigh blitz i Ros Mhic Thriúin le déanaí. Is éacht iontach é seo don scoil agus táimid an-bhródúil asaibh. Bhí na buachaillí sinsearcha ag imirt i blitz chomh maith ach faraor, níor éirigh leo ar an lá. Beidh lá eile ag an bPaorach! Maith sibh uilig a ghlac páirt ann 👏
Comhghairdeas mór le foireann cispheile cailíní na Comhghairdeas mór le foireann cispheile cailíní na dara bliana a chríochnaigh sa dara háit i gCorn Sóisearach na Mumhan i gCorcaigh an mhí seo caite. D’oibrigh na cailíní go han-chrua i rith na bliana agus léirigh siad díograis mhór don spórt agus don aclaíocht taobh amuigh den scoil freisin. Is éacht mór é seo don scoil mar níor éirigh linn an craobh a shroicint riamh roimhe seo. Táimid fíorbhródúil asaibh go léir a chailíní!
D'imir scoláirí Bl.6 cluiche cispheile iontach in D'imir scoláirí Bl.6 cluiche cispheile iontach in aghaidh na múinteoirí an tseachtain seo. Bhailigh an scoil go léir le chéile chun féachaint ar an gcluiche mór. Bhí atmaisféar leictreach ann. Bhí an cluiche an-dian ón tús. Léirigh an dá fhoireann, luas, scil agus cumas den scoth ar an gcúirt.  Chríochnaigh sé ar comhscór. Imríodh ceathrú breise agus d’éirigh leis na scoláirí an bua a fháil le scór 28–22. Thug an lucht féachana lán tacaíocht do na himreoirí i rith an chluiche. BL.6 2026 ABÚ!
Ba mhór do scoláirí sinsearacha an Ghaelcholáiste Ba mhór do scoláirí sinsearacha an Ghaelcholáiste cúrsa Safe Pass aon lá amháin a dhéanamh mar chuid den Safe Pass for Schools Programme, curtha ar fáil ag an Construction Industry Federation. Bhain na scoláirí idir thaitneamh agus thairbhe as an gcúrsa. D'fhoghlaim siad go leor faoi chúrsaí sláinte agus sabháilteachta ar láithreáin tógála. Molann siad an cúrsa, iad níos muiníní agus níos feasaí ar chaighdeain sábhailteachta san ionad oibre tar éis dóibh an cúrsa a chríochnú.
Tá Ard-Fheis na nÓg 2026 faoi lán lán seoil i gCol Tá Ard-Fheis na nÓg 2026 faoi lán lán seoil i gColáiste na Rinne. Tógann Ard-Fheis na nÓg déagóirí Gaeltachta agus daltaí Gaelcholáistí sa tsraith shinsearach ó fud fad na tíre le chéile i gceantar Gaeltachta éagsúil gach bliain. Bíonn meascán de chur i láthair, ceardlanna, cainteanna, imeachtaí eolais agus imeachtaí sóisialta ar siúl ag an Ard-Fheis. Tugann Ard-Fheis na nÓg deis do na rannpháirtithe ceisteanna, téamaí, deiseanna agus dúshláin ábhartha dóibh féin a phlé. Comhghairdeas leis an seisear ón Idirbhliain a labhair inniu faoin dochar a dhéanann intealacht shaorga do dhaltaí meánscoile.
An tseachtain seo chaite, d'eagraigh scoláirí blia An tseachtain seo chaite, d'eagraigh scoláirí bliain 4 ceannairí don todhchaí lá cóitseála do bhliain 1 agus 2. Rinne siad cleachtadh ar scileanna peile mar shampla pas láimhe agus ciceáil. Bhí lá tairbheach ag cách!
@gaafutureleader
Bhí turas den scoth ag an Idirbhliain sa Róimh! Th Bhí turas den scoth ag an Idirbhliain sa Róimh! Thug siad cuairt ar an gColasaem, Cathair na Vatacáine agus i bhfad níos mó. Shiúil siad timpeall na cathrach agus cinnte thuill siad a gcéimeanna 👣 Bhain gach duine sár-taitneamh as. 🇮🇹
Comhghairdeas lenár scoláirí as an tríú háit a bha Comhghairdeas lenár scoláirí as an tríú háit a bhaint amach sa chomórtas náisiúnta tráth na gceist Feachtas inniu. Is iontach an gaisce é!
Mo cheol thú! Mo cheol sibh! Mo cheol thú! Mo cheol sibh!
Ceol den scoth, oíche den scoth, tallann den scoth Ceol den scoth, oíche den scoth, tallann den scoth!
Seó Tallainne 2026 Seó Tallainne 2026
Bhí Craobh Tráth na gCeist na mBunscoileanna ar si Bhí Craobh Tráth na gCeist na mBunscoileanna ar siúil i GCPL an tseachtain seo. Tháinig scoláirí bunscoile chuig an scoil chun Gaeilge a labhairt agus ceisteanna a fhreagairt i rith Seachtain na Gaeilge. Tháinig Gaelscoil Philib Barúin sa chéad agus sa dara háit agus tháinig Gaelscoil Phort Láirge sa tríú háit. Comhghairdeas leo agus le chuile foireann a ghlac páirt sa chraobh agus sna réamhbhabhtaí!
Instagram post 18347243131243495 Instagram post 18347243131243495
Míle buíochas le gach duine a cheannaigh líne do c Míle buíochas le gach duine a cheannaigh líne do chrannchur na Cásca. Fógrófar na buaiteoirí ag an seó tallaine oíche amárach i WAMA. Bígí linn!🎶🎷👩‍🎤🎺👨‍🎤📯🎹
Bailíodh breis agus €100 inniu don Children’s Heal Bailíodh breis agus €100 inniu don Children’s Health Foundation. Buíochas le gach scoláire a ghléas in éadaí glasa agus a dheonaigh airgead. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir ☘
Gaeilge Bheo, Gaeilge Go Deo 🇮🇪 Gaeilge Bheo, Gaeilge Go Deo 🇮🇪
Follow on Instagram

Gaelcholáiste Phort Láirge

Cúirt an Easpaig, Baile Gunnair, Port Láirge, X91 P984 051821742 eolas@gcpl.ie

Uimhir Charthanais Chláraithe/ Registered Charity Number: 20148577

Uimhir Rolla/ Roll Number: 68078U

GCPL Location Aimsigh ar Google Maps >>