Séasúr an Chairdis agus na Dea-Thola/Season of Friendship and Goodwill
I mí na Nollag gach bliain, déantar ceiliúradh ar Shéasúr an Chairdis agus na Dea-Thola chun pobal na scoile a thabhairt le chéile, cineáltas a chur chun cinn, agus cosc a chur ar bhulaíocht. Glacann scoláirí páirt i ngníomhaíochtaí spraíúla ar nós scátáil oighir, freastalaíonn siad ar cheardlanna frithbhulaíochta agus foghlaimíonn siad conas a bheith cineálta agus tacúil le daoine eile. Léiríonn scoláirí a gcuid flaithiúlachta: tugann siad bronntanais dá cheile agus déanann siad gníomhartha randamacha cineáltais, nósanna a scaipeann áthas ina measc. Scríobhann scoláirí cártaí Nollag líon lán le ráitis dhearfacha dá gcomhscoláirí, a thugann ardú meanman do chách. Eagraítear Lá Geansaí Nollag, óna mbronntar an t-airgead a bhailítear ar charthanas áitiúil, chomh maith le bailiúchán bia chun ciseáin a dhéanamh, i gcomhpháirtíocht le Cumann Naomh Uinseann De Pól. Tagann pobal na scoile le chéile chun Aifreann Nollag a cheiliúradh i Seipéal Naomh Muire agus eagraítear ceolchoirm scoile ina léiríonn scoláirí a gcuid buanna agus tallainne.
In December, the school holds our annual Friendship and Goodwill Festival to unite the school community, promote kindness, and prevent bullying. Students enjoy fun activities like ice skating, they take part in anti-bullying workshops, and learn how to be kind and supportive to others. A Kris Kindle gift exchange encourages generosity, while students also commit random acts of kindness to promote positive behaviour. Students make Christmas cards filled with positive comments for their classmates, offering encouragement and recognition. The festival includes a Christmas Jumper Day, where money raised is donated to a local charity, and a food collection appeal to create hampers, in partnership with the St. Vincent de Paul. A Christmas Mass is held in St. Mary’s Church, followed by a school concert where students perform and showcase their talents.
Ceiliúradh na Gaeilge/Celebration of Irish
Gach Márta, eagraíonn an scoil clár imeachtaí chun ár gcultúr agus ár dteanga a cheiliúradh. Ardaítear brat na hÉireann sa scoil chun ómós a léiriú ar ár n-oidhreacht. Eagraítear ceolchoirm scoile agus comórtas amhránaíochta idir-ranganna, ina gcanann scoláirí amhráin thraidisiúnta. Glacann scoláirí páirt i gceachtanna damhsa céilí agus freastalaíonn siad ar scannáin Ghaeilge sna pictiúrlanna áitiúla. Eagraítear tráth na gceist bliantúil do na gaelscoileanna áitiúla agus scoláirí Scoil Náisiúnta Naomh Muire, ina dtástáiltear eolas ginearálta na scoláirí. Oibríonn an scoil i gcomhpháirtíocht le WLRFM chun labhairt na Gaeilge a chur cinn sa phobal. Déantar taifead ar ghrúpaí ceoil na scoile agus craoltar an ceol ar an raidió.

Every March, the school hosts a series of events to celebrate our culture and language. A flag-raising ceremony is held to show pride in our heritage. Both a school concert and an inter-class singing competition take place, where students sing traditional Irish songs. Students participate in céilí dancing lessons and attend Irish-language film screenings in local cinemas. An annual quiz is organised for the local gaelscoileanna and students of St. Mary’s National School. The school collaborates with WLRFM, where students record popular songs as Gaeilge and promote the use of the Irish language on the radio.
