Buíochas agus Beannacht do Cháit Ní Shé

Tháinig pobal Ghaelcholáiste Phort Láirge le chéile ag deireadh an téarma le haghaidh ceiliúradh speisialta i Séipéal Naomh Muire chun buíochas agus beannacht a thabhairt do Cháit Ní Shé, a d’éirigh as a ról mar phríomhoide ar Ghaelcholáiste Phort Láirge ag deireadh an tsamhraidh.

Gabhadh buíochas le Cáit as a cuid dílseachta, ceannaireachta agus ceannródaíochta agus as an méid a chuir sí le forbairt na scoile agus an oideachais lán-Ghaeilge i bPort Láirge. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an tAthair Liam de Paor, scoláirí, múinteoirí, an Bord Bainistíochta, Coiste na dTuismitheoirí, Comhairle na Scoláirí, ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta, chomh maith le príomhoidí na ngaelscoileanna agus na mbunscoileanna áitiúla.

Chuir an ceol traidisiúnta agus cór na scoile go mór leis an gceiliúradh. Bhí atmaisféar croíúil agus bríomhar le brath sa séipéal. Ba léiriú iontach é an ceiliúradh ar shaibhreas cultúrtha na scoile agus ar an bpobal láidir atá mar bhunchloch aici. Lean an ceiliúradh ar aghaidh i gclós na scoile le caint agus comhrá i measc an phobail.

Gabhann pobal na scoile buíochas ó chroí le Cáit Ní Shé as an seirbhís dhílis a thug sí do Ghaelcholáiste Phort Láirge. Guímid gach sonas, sláinte agus beannacht uirthi sna blianta amach romhainn. Go raibh míle maith agat, a Cháit.