Author Archives: LPOGCPL

Buíochas agus Beannacht do Cháit Ní Shé

Tháinig pobal Ghaelcholáiste Phort Láirge le chéile ag deireadh an téarma le haghaidh ceiliúradh speisialta i Séipéal Naomh Muire chun buíochas agus beannacht a thabhairt do Cháit Ní Shé, a d’éirigh as a ról mar phríomhoide ar Ghaelcholáiste Phort Láirge ag deireadh an tsamhraidh.

Gabhadh buíochas le Cáit as a cuid dílseachta, ceannaireachta agus ceannródaíochta agus as an méid a chuir sí le forbairt na scoile agus an oideachais lán-Ghaeilge i bPort Láirge. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an tAthair Liam de Paor, scoláirí, múinteoirí, an Bord Bainistíochta, Coiste na dTuismitheoirí, Comhairle na Scoláirí, ionadaithe ón bhForas Pátrúnachta, chomh maith le príomhoidí na ngaelscoileanna agus na mbunscoileanna áitiúla.

Chuir an ceol traidisiúnta agus cór na scoile go mór leis an gceiliúradh. Bhí atmaisféar croíúil agus bríomhar le brath sa séipéal. Ba léiriú iontach é an ceiliúradh ar shaibhreas cultúrtha na scoile agus ar an bpobal láidir atá mar bhunchloch aici. Lean an ceiliúradh ar aghaidh i gclós na scoile le caint agus comhrá i measc an phobail.

Gabhann pobal na scoile buíochas ó chroí le Cáit Ní Shé as an seirbhís dhílis a thug sí do Ghaelcholáiste Phort Láirge. Guímid gach sonas, sláinte agus beannacht uirthi sna blianta amach romhainn. Go raibh míle maith agat, a Cháit.

Oíche Oscailte/Open Night 22/09/26

Beidh Oíche Oscailte Ghaelcholáiste Phort Láirge ar siúl Dé Máirt, an 22 Meán Fómhair, ag 7.00 i.n. Tá fáilte roimh dhaltaí Rang a Sé agus a dtuismitheoirí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna lán-Bhéarla araon. Bí ann agus Bí Linn. Gaelcholáiste Phort Láirge’s Open Night will take place on Tuesday, 22 September, at 7.00 p.m. Sixth Class pupils and their parents from both Gaelscoileanna and English-medium primary schools are warmly welcome to attend.

Fáilte

Lá mór dúinn inniu ag cur fáilte mhór roimh ár scoláirí nua ar a gcéad lá sa scoil! Cuireann pobal na scoile fáilte chroíúil roimh Eibhlín Ní Dhomhnaill, príomhoide nua Ghaelcholáiste Phort Láirge, chomh maith.

Guímid gach rath orthu agus iad ag cur tús lena n-aistear nua linn. Táimid ag súil le blianta lán le foghlaim, cairdeas, cineáltas, spraoi agus deiseanna nua.

Gaeilge Bheo, Gaeilge Go Deo!

Oíche Chéiliúrtha Bl.6 2026

Bhí oíche fíor-speisialta ag scoláirí Bl.6 ag deireadh na scoilbhliana agus iad ag ceiliúradh deireadh a n-aistear meánscolaíochta i nGaelcholáiste Phort Láirge. Tháinig scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí le chéile ag Aifreann speisialta i Séipéal Naomh Muire chun an grúpa eisceachtúil seo a cheiliúradh.

Le linn na hócáide, bronnadh teastas scoile agus an fáinne óir ar scoláirí ag tabhairt aitheantas dá ndíograis agus dá rannpháirtíocht i saol na scoile agus dá ndílseacht don Ghaeilge thar na blianta. B’oíche an-bhródúil í do phobal na scoile, ag moladh na scoláirí as gach rud atá bainte amach acu go pearsanta, go sóisialta agus go hacadúil le sé bliana anuas.

Guíonn an scoil gach rath ar na scoláirí agus iad ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit agus faoin gcéad chéim eile dá saol. Go n-éirí go geal leo i gcónaí.

Ceiliúradh Deireadh Bliana 2026

Bhí ócáid speisialta sa scoil an tseachtain seo caite chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Chuir Cáit Ní Shé, príomhoide na scoile, fáilte roimh mhúinteoirí, tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus siblíní na scoláirí ar an lá. Creidtear go láidir sa scoil i sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Bronnadh gradaim aitheantais speisialta ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh gradaim acadúla, gradaim barr feabhais agus Corn an Choláiste. Tháinig pobal na scoile le chéile ina dhiaidh sin sa chlós, áit ar cuireadh sólaistí ar fáil, buíochas le Coiste na dTuismitheoirí, agus ceol den scoth á sheinm ag grúpa ceoltóirí traidisiúnta na scoile, chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh. Chuir ceoltóirí na scoile go mór leis an searmanas. Comhghairdeas ó chroí le cách.

Idirbhliain 2026

Scoláirí den scoth. Idirbhliain den scoth. Buíochas le múinteoir Amy a chuir clár taitneamhach agus tairbheach ar fáil. Comhghairdeas leis na scoláirí go léir.