Grúpa as Bl.5 ag glacadh páirte i scéim mhalartaithe le scoláirí Spáinneacha.

Tháinig Meánscoil San Nioclás ar chuairt inniu agus bhí Tráth na gCeist agus Ceolchoirm againn i dteannta a chéile. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Tomás Ó Gealbháin, Darren Ó Droma agus an Ceoltóir Cáiliúil Caoimhin Ó Fearghaíl (Ceoltóir na Bliana RTÉ) a chas ceol iontach. Deis iontach a bhí ann dár gceoltóirí féin cúpla port a sheinnt le ceoltóirí cumasacha na Rinne agus ón Sean Phobal.
Bhí lá iontach ceoil againn ar scoil inniu chun críoch a chur le Ceiliúradh na Gaeilge 2023. Bhí sé i gceist againn ár gceolchoirm inscoile a bheith againn Dé Céadaoin seo caite ach bhí orainn é a chur siar de bharr na haimsire. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí go mór mhór scoláirí ón 3ú Bliain a chan leagan iontach d’Amhrán na nGael.
Bhí searmanas speisialta againn ar scoil inniu chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad uair a chuir Thomas Francis Meagher Bratach na hÉireann ar foluain i gCathair Phort Láirge 175 bliain ó shin. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Maebh Ní Dhíomáin a sheinn leagan álainn d’Amhrán na bhFiann ar na píopaí uillinn chun an ócáid a chomóradh.
Ba chorraitheach an lá a bhí ag Maitiú, Ruán, Cameron agus Micheál inniu agus iad san iomaíocht i gCraobh na hÉireann den gComórtas Tráth na gCeist a bhí á reachtáil ag Feachtas. Bhíodar sa dara háit den chuid is mó den chomórtas ach thiteadar siar sa bhabhta deireanach. D’éirigh leo an Triú hÁit a bhaint amach ar deireadh. Tá éacht déanta agaibh a leaideanna agus tá pobal na scoile bródúil asaibh!!
Eagraítear an taispéantas “ARTifice” i gCaisleán an Leasa Mhóir do scoláirí na hIdirbhliana ar fud Chontae Phort Láirge gach bliain. Ba mhór an phribhléid don Idirbhliain ó GCPL a bheith i láthair do sheoladh an taispeántais inniu. In ainneoin na drochaimsire bhain siad súp mór as an turas go dtí Gailearaí an Chaisleáin agus go hArdeaglais Chárthaigh. Tá súil acu go mbeidh deis acu cuairt a thabhairt ar gháirdíní an chaisleáin ar lá níos gile amach anseo.
Comhghairdeachas le Eoghan Ó Leathlobhair a fuair Duais Iontrála ó Choláiste na Trionóide le déanaí!
11 Waterford students receive Trinity Entrance Exhibition Awards | WLRFM.com