Reachtáil scoláirí na hIdirbhliana Blitz Peile agus Lá Spóirt do Bl 1 agus Bl 2 trathnóna. Bhíodar ar fad ar a ndícheall agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid.



Bhí oíche iontach Ceoil agus Drámaíochta againn I nGaelscoil Philib Barún ar le déanaímar pháirt de cheiliúradh na Gaeilge 2024. Bhí tallainn faoi leith i measc na scoláirí a chuaigh ar stáitse i rith na hoíche. Ár mbuíochas le Gaelscoil Philib Barún, na scoláirí a ghlac páirt, na tuismitheoirí agus na múinteoirí a d’eagraigh an oíche.






Bhí scoláirí ó rang 4 inár measc inniu agus iad i mbun Tráth na gCeist Bóird a bhí eagraithe ag scoláirí na hIdirbhliana mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge. Ár mbuíochas le Gaelscoil Phort Láirge, Gaelscoil na nDéise, Gaelscoil Philib Barún agus Bunscoil Baile an Bhuitléirigh as ucht páirt a ghlacadh sa chomórtas. Rith an lá le Bunscoil Baile an Bhuitléirigh a tháinig sa chéad agus sa dara háit agus tháinig Gaelscoil Phort Láirge sa tríú háit. Comhghairdeachas ó chroí libh ar fad!





