Category Archives: Fógraí

Eolaí Óg 2023

Tá Sarah, Erica agus Alex san RDS i mBaile Átha Cliath inniu áit ina bhfuil Comórtas Eolaí Óg 2023 faoi lán seoil. Tá obair na gcapall déanta acu le tamall anuas agus guímíd ádh mór orthu sa chomórtas!!

Scátáil Oighir

Bhí craic agus spraoi ag scoláirí na scoile san Ionad scátála i lár na cathrach mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus dea-thola i gcaitheamh na Seachtaine.

Tráth na gCeist agus Tóraíocht Taisce

Tá Seachtain Dea-Thola faoi lán seoil le coicís anuas i nGaelcholáiste Phort Láirge agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla na coicíse. Bhronn Scoláirí na hIdirbhliana duaiseanna ar na Scoláirí Shóisearacha inniu a bhuaigh an Tráth na gCeist agus an Tóraíocht Taisce i gcaitheamh na seachtaine.

Scoláireacht Sármhaitheasa

Caoilfhinn Níc Airt agus a máthair ag an mbronnadh Gradam Scoláireachtaí Sármhaitheasa a bhí ar síul in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí. Is iar-scoláire GCPL í Caoilfhinn agus bronnadh an gradam seo uirthi mar aitheantas ar a cuid éachtaí acadúla sa Ardteist 2021. Tá Caoilfhinn ina mac léinn ar an Eolaíocht in UCG agus í faoi bhláth agus ag baint lán sult as an saol ann. Comhghairdeas léi. 

Caoilfhinn Nic Airt and her mother at the Scholarship of Excellence presentation at National University College Galway. Caoilfhinn is a former student of GCPL and she was presented this award in recognition of her academic achievement in the 2021 Leaving Certificate. Caoilfhinn is currently studying Science in NUIG where she is thriving and loving her chosen course. Comhghairdeas léi. 

Seas an Fód 2022