Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Ghlac Fóirne Díospóireachta na Scoile páirt i nDíospóireachtaí Uí Chadhain le déanaí. Léirigh chuile scoláire bua na cainte agus scileanna díospóireachta iontacha. Bhí babhta díospóireachta den scoth ag ár bhfoireann sinsir sa chéad bhabhta agus cé go raibh mí-ádh ceart leo beidh Lá eile ag an bPaorach. Fuair siad ardmholadh ós na moltóirí agus bhí sé tuillte go maith acu. Rith an lá lenár bhfoireann sóisir ar an gcéad lá agus chuaigh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile a bhí ar siúl aréir. Cé nár éirigh leo ar an oíche bhíodar gob ar ghob leis na fóirne eile agus bhí mí-ádh leo ar an oíche. Níor ghlac aon bhall den fhoireann páirt i ndíospóireacht riamh roimhe seo ach cheapfá go raibh taithí na mblianta acu ar fad!! Bhí obair na gcapall déanta ag an dá fhoireann le tamall anuas agus tá ardmholadh tuillte acu. Táimid fíor-bhródúil astu anseo sa Ghaelcholáiste!!