Ceiliúradh Deireadh Bliana 2026

Bhí ócáid speisialta sa scoil an tseachtain seo caite chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Chuir Cáit Ní Shé, príomhoide na scoile, fáilte roimh mhúinteoirí, tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus siblíní na scoláirí ar an lá. Creidtear go láidir sa scoil i sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Bronnadh gradaim aitheantais speisialta ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh gradaim acadúla, gradaim barr feabhais agus Corn an Choláiste. Tháinig pobal na scoile le chéile ina dhiaidh sin sa chlós, áit ar cuireadh sólaistí ar fáil, buíochas le Coiste na dTuismitheoirí, agus ceol den scoth á sheinm ag grúpa ceoltóirí traidisiúnta na scoile, chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh. Chuir ceoltóirí na scoile go mór leis an searmanas. Comhghairdeas ó chroí le cách.

Idirbhliain 2026

Scoláirí den scoth. Idirbhliain den scoth. Buíochas le múinteoir Amy a chuir clár taitneamhach agus tairbheach ar fáil. Comhghairdeas leis na scoláirí go léir.

GAISCE

Comhghairdeas le scoláirí na hIdirbhliana a chaith dhá lá ag súil sna Comaraigh an tseachtain seo caite ar turas eachtraíochta mar chuid de ghradam GAISCE an Uachtaráin.

Ard-Fheis na nÓg 2026

Bhí Ard-Fheis na nÓg 2026 far siúl i gColáiste na Rinne, Co. Phort Láirge i mbliana. Tógann Ard-Fheis na nÓg déagóirí Gaeltachta agus daltaí Gaelcholáistí sa tsraith shinsearach ó fud fad na tíre le chéile i gceantar Gaeltachta éagsúil gach bliain. Bíonn meascán de chur i láthair, ceardlanna, cainteanna, imeachtaí eolais agus imeachtaí sóisialta ar siúl ag an Ard-Fheis. Tugann Ard-Fheis na nÓg deis do na rannpháirtithe ceisteanna, téamaí, deiseanna agus dúshláin ábhartha dóibh féin a phlé. Comhghairdeas leis an seisear ón Idirbhliain a rinne cur i láthair ar an dochar a dhéanann intealacht shaorga do dhaltaí meánscoile.

Lá na n-Éadaí Glasa

Bailíodh breis agus €100 inniu don Children’s Health Foundation. Buíochas le gach scoláire a ghléas in éadaí glasa agus a dheonaigh airgead. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir.