Chuireamar Fáilte Uí Cheallaigh roimh Scoláirí Bliain 1 a thosaigh linn inniu. Tá súil againn ar fad go n-éireoidh go geal libh inár dteannta anseo i nGaelcholáiste Phort Láirge!

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Tá deireadh na scoilbhliana buailte le Gaelcholáiste Phort Láirge. Bhí ócáid faoi leith ag an scoil i Séipéal Naomh Muire, Baile Gunnair agus ceolchoirm ar scoil chun imeachtaí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim aitheantais éagsúla ar scoláirí i ngach bliainghrúpa.
Aithnítear sa scoil go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le hardú meanman agus misnigh agus tuigtear go maith go bhfuil aitheantas faoi leith tuillte ag cuid mhaith scoláirí.
Bronnadh gradam do Ghaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang agus bronnadh gradam do Scoláire na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradaim Lán-Tinreamh, Gradaim Acadúla agus Gradaim Aitheantais Speisialta ar scoláirí ar an lá.
Comhghairdeachas le gach scoláire.
Ní bhíonn in aon rud ach seal agus tháinig deireadh leis an mbliain scoile do scoláirí na hIdirbhliana 2024 inniu. Bhí bliain den scoth againn i dteannta a chéile agus is scoláirí iontacha iad ar fad. Míle buíochas as ucht bhur gcomhoibriú i gcaitheamh na bliana agus go n-éirí libh anois agus sibh ag tabhairt faoin 5ú Bl. Bíodh samhradh iontach agaibh ar fad!!

Gaelcholáiste Phort Láirge 4-05 Ardscoil na Mara 1-11. Comhgháirdeachas ó chroí lenár mbuachaillí a bhuaigh Craobh an Chontae trathnóna. Tá foireann na scoile imithe ó neart go neart ó thús na bliana agus tá sé seo tuillte go maith acu. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua!! Bainigí sásamh as an gceiliúradh!!

