Bhí ócáid faoi leith i nGaelcholáiste Phort Láirge ag deireadh an téarma chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim aitheantais éagsúla ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Cuireadh ceolchoirm ar siúl agus uachtar reoite ar fáil chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh.
Mol an óige agus tiocfaidh sí. Creidtear go láidir sa scoil go bhfuil sé tábhachtach sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradaim Acadúla, Gradaim Aitheantais Speisialta agus Gradaim Bharr Feabhais ar scoláirí ar an lá.
Comhghairdeas ó chroí le cách.

