Category Archives: Uncategorized

Bíonn Siúlach Scéalach

Thug daltaí de chuid Collège André Boutry in Lurcy-Lévis, na Fraince cúairt ar Ghaelcholáiste Phort Láirge an tSeachtain seo. Bhain ár ndaltaí féin idir taitneamh agus tairbhe as am a chaitheamh i bhfochair leo. Ar maidin d’eagraigh ár ndaltaí tráth na gceist dóibh, idir sos agus lón bhí imeachtaí agus cluichí agus san iarnóin thugamar blaiseadh dár gcultúr dóibh le ceolchoirm.

Ranganna Ceardaíochta

Bhí Bliain a 2 an-ghnóthach le dhá Déardaoin anuas agus iad i mbun obair ceardaíochta feilte leis an gceardaí Paulina ó Woolly Crafts. Bhain siad an-sult as. Tá sár-obair déanta acu. Beidh a gcuid scileanna bróidnéireachta le feiscint  amach anseo agus iad ag cur feabhas fós  ar na dearaí seo.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Paulina ó ‘Woolly Crafts’ agus le Sian agus Rebecca i mbl.5.

seachtain na Sláinte 2019

Bhí Seachtain na Sláinte againn sa scoil idir an 21ú agus an 25ú Deireadh Fómhair 2019. Bhí seisiún cócaireachta ag bliainghrúpaí difriúla leis an múinteoir eacnamaíocht bhaile. Thug an traenálaí Harley Barnes cuairt ar an scoil agus rinne sé rang aclaíochta leis na daltaí agus thug Bliain 1 cuairt ar GIY Ard Chaoin agus rinne siad ceardlann cócaireactha ann.

Chomh maith le sin ar an gcéadaoin labhair Shane O’ Sullivan faoi chúrsaí meabhairshláinte agus bhí caoineoga ar díol ag bl.4. Sna ranganna Mata d’fhoghlaim na daltaí conas innéacs corpmhaise (BMI) a ríomh. Ar an Déardaoin bhain bl.5/6 an chéad áit amach i gComharc na gCór leis an amhrán ‘Aonach Bhearna na Gaoithe’.

Ba mhaith linn ár mbuiochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn i rith na seachtaine ina measc, GIY, Shane O’Sullivan, Harley Barnes agus C.L.G Baile Mhic Gunnair agus dar ndóigh na múinteoirí go léir a ghlac páirt in imeachtaí.

Is fearr an tsláinte ná na táinte mar a deir an seanfhocal!

Seachtain na Matamaitice

Bhí Seachtain na Matamaitice faoi lán seoil i nGaelcholáiste Phort Láirge an tseachtain seo. Bhain scoláirí agus muínteoirí  an-sásamh as puzail a réiteach le scoláirí na hidirbhliana. D’fhreastal roinnt scoláirí ar léacht suimiúil i WIT agus ghlac scoláirí eile páirt I dTóraíocht Taisce na Mata.

Seachtain spraiúil agius uimhriúil a bhí ann!

Cúrsa Traenála C.L.G 2019

Ghlac daltaí na hIdirbhliana páirt i gcúrsa Traenála C.L.G le déanaí. Bhain na daltaí idir thaitneamh agus tairbhe as an gcúrsa agus beidh blitz peile do dhaltaí áitiúla  á eagrú acu sna seachtainí atá amach romhainn.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le David Robinson a bhí i mbun traenála leo.

Zeminar 2019

Thug daltaí na hIdirbhliana cuairt ar Zeminar an tseachtain seo. Bhí an Zeminar á reachtáil ag an gCampas Náisiúnta Spórt i mbliana agus bhain na daltaí go léir an-taitneamh as. Bhí deis acu eisteacht le daoine clúiteacha ar nós Rory O’Connor (Rorys Stories) agus James Kavanagh ar an lá.

Lá Traenála ag Comhairle na Scoláírí

Comhairle na Scoláirí a ghlac páirt i lá traenála le déanaí. Thug Meanscoil San Niocláis cuairt ar an scoil agus ghlacaadar son páirt ann chomh maith.

Bhain gach éinne sult as an lá agus níl aon dabht fé ach go rachaidh sé go mór chun tairbhe dóibh.

Ba mhaith linn ár mbuiochas a ghabháíl le Rob (an traenálaí) agus na múinteoirí a bhí páirteach sa lá Róisín Nic an Tuile (GCPL) agus Darren Ó Droma (MSN).

Inis Mór 2019

Bhí seachtain iontach ag lucht na hIdirbhliana ar Inis Mór an tseachtain deireanach de mhí Méan Fhómhair. Chaith siad an tseachtain ag siúl, ag rothaíocht, ag snámh, ag caint agus ag cómhrá as Gaeilge. Thug siad cuairt ar Dhún Aonghasa, Poll na bPéist agus ar thrá Chill Mhuirbhigh. Bhain gach duine an-taitneamh as an turas. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí Cionnaith agus Aisling a chaith an tseachtain i bhfochair leo.