Category Archives: Uncategorized

SEACHTAIN DEA-THOLA

Tá Seachtain Dea-Thola fé lán seoil agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla an tseachtain seo.  Go dti seo, cuireadh béim sna ranganna OSPS ar an mbaol a bhaineann le híomhánna a roinnt ar na meáin shóisialta. Molaimid do thuismitheoirí a bheith de shíor ag déanamh comhrá lena bpáistí faoin gcineál cumarsáide á dhéanamh acu ar na meáin. Tá eolas do thuistí faoi shábháilteacht idirlín ar fáil ar shuíomh Webwise.ie. Ar an Luan chuaigh daltaí bl.4,bl.5 agus bl.6 ag scátáil oighir. 

Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán.

This year’s emphasis during Friendship Week was on the safe use of the internet and the dangers and implications of sharing images on social media. We advise parents to talk to their children regularly regarding the kind of communication that the engage in on social media in order to ensure their wellbeing. Useful information for parents regarding internet safety may be accessed on the internet at Webwise.ie

Seachtain na Sláinte 2018

Bhí Seachtain na Sláinte againn sa scoil idir an 19ú agus an 23ú Samhain 2018. Bhí seisiún cócaireachta ag bliainghrúpaí difriúla leis an múinteoir eacnamaíocht bhaile. Thug Megan ón Kingfisher cuairt ar an scoil agus labhair sí leis na daltaí ar fad faoi bhia sláintiúil agus conas an corp a chothú.

Chuir  Flahavan’s snaiceanna ar fail do na scoláirí i rith na seachtaine agus i mbliana bhí Stop Gach Rud agus Leigh mar chuid lárnach d’imeachtaí.  Thug Bliain 1 cuairt ar GIY Ard Chaoin agus rinne siad ceardlann cócaireactha ann.

Chomh maith le sin ar an Déardaoin labhair an Dr.Sarah Jane Cullen faoi chúrsaí spoirt i WIT agus faoina taithí fein agus thug Ollstór Ard Chaoin ciseán mór torthaí do na scoláirí don lón. Sna ranganna Mata d’fhoghlaim na daltaí conas innéacs corpmhaise (BMI) a ríomh agus labhair na Gardaí Síochána leo faoin dochar a dheanann drugai.

Ar an Aoine chuaigh siad ar siúlóid bhríomhar ar son Naomh Uinseann de Pól. Is fearr an tsláinte ná na táinte mar a deir an seanfhocal!

Ba mhaith linn ár mbuiochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn i rith na seachtaine ina measc, Flahavans, Lidl, GIY, Megan agus The KingFisher Gym Waterford, Dr. Sarah Jane Cullen (WIT), Ollstór Ard Chaoin agus na Gardaí Síochána.

 

 

Is leor nod don eolach.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach aon duine a ghlac páirt sa Tech Summit ag an Institiúid Teicneolaíochta le déanaí.

Bhí deis deis ag ár ndaltaí saineolaithe an cheantar a cheistiú faoina ngairmeacha. Is cinnte go rachaidh an t-eolas seo go mór chun tairbhe amach anseo.

Inis Mór

Bhí seachtain iontach ag lucht na hIdirbhliana ar Inis Mór an tseachtain deireanach de mhí Méan Fhómhair. Chaith siad an tseachtain ag siúl, ag rothaíocht, ag snámh, ag caint agus ag cómhrá as Gaeilge. Thug siad cuairt ar Dhún Aonghasa, Poll na bPéist agus ar thrá Chill Mhuirbhigh. Bhain gach duine an-taitneamh as an turas.

 

Cumann Pheil na mBan (LGFA)

Bhí an-lá go deo ag daltaí na hIdirbhliana a ghlac páirt i gcúrsa oiliúna an LGFA ar an 19 Meán Fómhair.
Bhain na daltaí idir thaitneamh agus tairbhe as an gcúrsa agus beidh blitz peile do chailíní na scoile á eagrú acu sna seachtainí atá amach romhainn.

Gur fada buan sibh.