Category Archives: Uncategorized

Craobh na hÉireann

Agus ar aghaidh linn go Craobh na hÉireann!!! Nach iontach an rud bua na cainte!!! Thug ár bhfoireann shinsir díospóireachta taispéantas stairiúil trathnóna agus beidh siad ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann anois. Táimid, mar phobal scoile, chomh bródúil asaibh agus guimíd gach rath oraibh sa chraobh. GCPL ABÚ!!!

Scléip

Comhghairdeas le gach scoláire a ghlac páirt i réamhbhabhta chomórtas tallaine Scléip Gael Linn ag deireadh mí na Samhna. Ádh mór ar scoláirí Bhl.2 a ghlacfaidh páirt i gcraobh na hÉireann den chomórtas i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra 2026.

LawEd

Bhain an idirbhliain an-sult as an gceardlann a rinne siad le LawEd an tseachtain seo caite. D’fhoghlaim siad faoi réimsí éagsúla den dlí agus bhí an deis acu bréagchúirt a dhéanamh inar ghlac siad róil breithimh, abhcóidí, cosantóirí, gearánaithe agus giúiré. Deis iontach a bhí ann dóibh próiseas cúirte a thuiscint. Ár mbuíochas le LawEd as an gceardlann iontach.

Bob nó Bia!

Bhí atmaisféar iontach ar scoil inniu, leis an gclós maisithe agus na scoláirí gléasta ina gcréatúir scanrúla agus ina laochra draíochta, agus cístí blasta bácáilte acu chun féile na Samhna a cheiliúradh.

Tá Bua na Cainte ag GCPL

Táimid an-bhródúil as foirne díospóireachta na scoile a ghlac páirt sa chéad bhabhta de Dhíospóireachtaí Uí Chadhain i rith na seachtaine. Rinne an dá ghrúpa díospóireachtaí láidre faoin saol faoin tuath agus tábhacht ról Uachtaráin na hÉireann.

Ní cheapfá gurb é an chéad uair don bhfoireann sóisir páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí leis an muinín a bhí acu agus iad ag labhairt os comhair slua. Tús maith leath na hoibre, mar a deirtear.

D’éirigh leis an bhfoireann sinsir cáiliú don gceathrú ceannais sa chomórtas i ndiadh dóibh díospóireacht iontach a dhéanamh i ndíospóireacht le hiomaíocht láidir ina gcoinne.

Comhghairdeas leis an dá fhoireann! Táimid ag tnúth le níos mó díospóireachta a fheiceáil uathu ar fad sa todhchaí, agus ag tnúth leis an gceathrú ceannais!

Peil na mBan 2025

Thosaigh na foirne sóisir agus sinsir an séasúr peile le dhá chluiche iontach in aghaidh Comeragh College. Bhí spiorad agus scileanna den scoth le feiceáil i measc na bhfoirne. Maith sibh, a chailíní!