Category Archives: Uncategorized

Beatha Teanga í a Labhairt

Bhí Mollaí Nic Eochaidh ag taifead agallaimh ar líne inniu dá clár raidió “Abair Amach É” a bhíonn ar WLR gach oíche Satharn. Bhí agallamh iontach aici le triúr ón gCúigiú Bliain maidir leis an saol anseo sa Ghaelcholáiste agus na buntáistí a bhaineann le scolaíocht trí mheán na Gaeilge. Beidh an clár á chraoladh ar WLR óna 9-10 óiche Dé Satharn an 25ú Márta. Beidh amhráin agus ceol á chasadh ag scoláirí ón triú Bliain ar an gclár chomh maith.

Torthaí Ardteistiméireachta 2022

Scoláirí Ghaelcholáiste Phort Láirge ag Ceiliúradh a dTorthaí Ardteistiméireachta

Bíonn dea-thoradh ar obair chrua. Déanaimid comhghairdeas ó chroí le scoláirí Ardteistiméireachta na bliana seo a fuair a gcuid torthaí inniu. Bhain 66% de na scoláirí níos mó ná 500 pointí amach. Tréaslaímid le ceathrar a ghnóthaigh os cionn 600 pointí. Guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa amach anseo. Ár mbeannacht uainn i nGaelcholáiste Phort Láirge.

Seó Tallainne an Ghaelcholáiste

Tháinig pobal an Ghaelcholáiste le chéile i nGaelscoil Philib Barún chun tallann iontach na scoláirí a cheiliúradh ag deireadh na scoilbhliana. Thug na scoláirí léiriú bréa dá gcumas ar an oíche. Bhí buanna go leor le feiceáil idir cheol, drámaíocht agus rince Gaelach.

Slán Fágtha ag Bliain 6 le Gaelcholáiste Phort Láirge

Tháinig scoláirí na hArdteiste, a dtuismitheoirí agus foireann na scoile le chéile i Séipéal Naomh Muire Baile Gunnair ag deireadh na bliana le slán a fhágail lena chéile. Tugadh aitheantas ar an oíche do ghnóthachtáil na scoláirí i rith na bliana. Bronnadh Gaeilgeoir an Choláiste ar Cháit Ní Scinnéir agus Scoláire na Bliana ar Chlara Ní Chuinneagáin. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua. Guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa seo i mbun na scrúduithe Ardteistiméireachta.

Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí