Bhailigh múinteoirí agus scoláirí an Ghaelcholáiste i gclós na scoile Dé hAoine seo caite chun gnóthachtáil na scoláirí i rith na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim faoi leith ar scoláirí na bliana agus gaeilgeoirí na bliana. Comhghairdeas le gach scoláire a ghnóthaigh gradam. Guíonn an scoil samhradh sona sabháilte ar na scoláirí go léir.