Ard-oíche cheoil agus chultúrtha a bhí ann in Óstán an Woodlands ag scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus pobal Ghaelcholáiste Phort Láirge ar an Déardaoin, 11/04/19. Comórtas na sinsear agus comórtas na sóisear a bhí sa seó tallainne. Ceol den scoth a léiríodh ar an stáitse ar an oíche. Amhráin as Gaeilge, nua-aimseartha agus sean nós chomh maith le rince Gaelach agus aithris filíochta a bhí le cloisint ar an oíche. Comhghairdeas le Caoimhín Ó Miacháin a bhuaigh comórtas na sinsear, Bernadette Maria Royo a bhuaigh comórtas na sóisear, Tigerlily Nic Eochagáin a bhuaigh an gradam cultúrtha agus gach scoláire eile a ghlac páirt ar an oíche.