Is leor nod don eolach

Tá bliain 1 ag baint úsáide as an teicneolaíocht sa rang Eacnamaíocht Bhaile le leabhrán oidis phearsanta a scríobh i mbliana. Seo cuid den obair a rinne siad ar a leabhair le déanaí i ndiaidh dóibh muifíní seacláide a bhácáil.

Tá bliain 1 agus 3 gnóthach na laethanta seo ag cócaireachta sa bhaile. Seo cuid de na táirgí bácáilte atá déanta acu ar nós sconnaí tae agus muifíní seacláide.

Fuair Bl.3 a gcuid tionscadail Eacnamaíocht Bhaile ón mbliain seo caite ar ais le déanaí. D’éirigh go hiontach leo. Bhí siad breá sásta lena dtorthaí. Rinne siad crochadh balla ag úsáid feilt leis an dearadh a chruthú agus d’fhorbair siad an dearadh sin le greamanna bróidnéireachta. Comhgairdeas leo go léir.