Bhí Tráth na gCeist Bóird á reachtáil ag Scoláirí na hIdirbhliana i gcaitheamh na seachtaine le Bl 1 agus Bl 2. D’éirigh go hiontach leis agus tá an-mholadh tuillte acu.









Ghlac scoláirí agus múinteoirí páirt i “Seas an Fód 2023”. Seachtain Fheasachta a bhí ann ar imeascadh an phobal LGBTQIA+ agus conas dul i ngleic le cúrsaí bulaíochta agus leithcheal a fhulaingíonn siad fós. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí as an obair dhícheallach agus an meon dearfach a léirigh siad i rith na seachtaine!