Gaisce iontach bainte amach ag scoláire ó GCPL a bhuaigh an Craobh i gCómortas Fiontraíochta na Scoileanna eagraithe ag an Oifig Fiontair Áitiúil ar an 5ú Márta.
Mar pháirt do Cheiliúradh na Gaeilge 2024 bhí scoláirí na hIdirbhliana ag reachtáil Tráth na gCeist i mBunsoil Naomh Mhuire ar maidin. Ár mbuíochas le Bunscoil Naomh Mhuire a thug an deis dúinn cuairt a thabhairt orthu-bhí maidin iontach againn!!
Tá Foireann na scoile páirteach i gCraobh Tráth na gCeist a bhíonn á reachtáil ag Feachtas in Ionad an F2 i mBaile Átha Cliath inniu. Tá súil againn go rithfidh an lá libh!!
Comhghairdeachas ó chroí le scoláire GCPL a tháinig sa Chéad Áit i gCraobh Scléip 2024 sa chatagóir “Ceol Úirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol” agus lenár mbanna ceoil “Na Brasstels” a thug sár-thaispéantas sa Helix inniu!! Mo cheol sibh!!
Bhí ceolchoirm den scoth ar scoil inniu mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus an Dea-Thola 2023. Ár mbuíochas lenár múinteoir ceoil Bríd agus na ceoltóirí ar fad. Maith sibh!
Thug an Seó Bóthair le Dónall Breathnach agus Conradh na Gaeilge cuairt ar an scoil i gcaitheamh na seachtaine. Labhair Dónall le scoláirí na hIdirbhliana maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an teaga a labhairt go laethúil agus na deiseanna fostaíochta atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.